Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 7

Túr Bháibil

Túr Bháibil

I ndiaidh na díleann, bhí go leor páistí ag clann Naoi. Chuaigh a dteaghlaigh i méid agus thosaigh siad ag scaipeadh amach ar fud an domhain, díreach mar a d’ordaigh Iehova.

Ach bhí cuid de na teaghlaigh nach raibh umhal d’Iehova. Dúirt siad: ‘Tógfaidh muid cathair agus fanfaidh muid anseo. Déanfaidh muid túr chomh hard is go sroichfidh a bharr na flaithis. Ansin beidh muid cáiliúil.’

Ní raibh Iehova sásta leis an obair a bhí ar siúl acu, mar sin bheartaigh sé stop a chur leo. An bhfuil a fhios agat cén chaoi a ndearna sé é sin? Go tobann, chuir sé orthu labhairt i dteangacha éagsúla. Nuair nach raibh siad in ann a chéile a thuiscint, stop an obair thógála. Tugadh Báibil, a chiallaíonn “mearbhall,” mar ainm ar an gcathair a bhí siad a thógáil. Scaip na daoine ansin agus chuir siad fúthu ar fud an domhain mhóir. Ach lean siad orthu ag déanamh drochrudaí pé áit a ndeachaigh siad. An raibh aon duine a d’fhan dílis d’Iehova? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”—Lúcás 18:14