Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 9

Mac Ar Deireadh Thiar!

Mac Ar Deireadh Thiar!

Bhí Abrahám agus Sárá pósta ar feadh blianta fada. Bhí an teach compordach a bhí acu in Úr fágtha acu agus iad ina gcónaí i bpuball. Ach ní raibh Sárá ag clamhsán, mar bhí muinín aici as Iehova.

Bhí an oiread fonn ar Shárá páiste a bheith aici go ndúirt sí le hAbrahám: ‘Dá mbeadh páiste ag mo shearbhónta Hágár leatsa, bheadh sé mar a bheadh páiste agam féin.’ In am trátha bhí mac ag Hágár. Ísmeáél a tugadh mar ainm air.

Cuid mhaith blianta ina dhiaidh sin nuair a bhí Abrahám 99 bliain d’aois agus Sárá 89 bliain d’aois, tháinig triúr cuairteoirí chucu. Thug Abrahám cuireadh dóibh a scíth a ligean faoi chrann agus béile a bheith acu. An bhfuil a fhios agat cérbh iad na cuairteoirí seo? B’aingil iad. Dúirt siad le hAbrahám: ‘An t-am seo an chéad bhliain eile, beidh mac agat féin agus Sárá.’ Bhí Sárá istigh sa bpuball agus í ag éisteacht. Rinne sí gáire agus dúirt sí léi féin: ‘An féidir liomsa páiste a bheith agam i mo sheanaois?’

An bhliain dár gcionn, bhí páiste ag Sárá, díreach mar a gheall aingeal Iehova. Thug Abrahám Íosác mar ainm air, ainm a chiallaíonn “Gáire.”

Nuair a bhí Íosác cúig bliana d’aois, thug Sárá faoi deara go mbíodh Ísmeáél ag magadh faoi. Bhí sí ag iarraidh a mac a chosaint, mar sin chuaigh sí go dtí Abrahám agus d’iarr sí air Hágár agus Ísmeáél a dhíbirt. Ní raibh Abrahám ag iarraidh é sin a dhéanamh ar dtús. Ach bhí Iehova freisin ag iarraidh Íosác a chosaint, agus dúirt sé le hAbrahám: ‘Déan mar a dúirt Sárá leat. Tabharfaidh mise aire d’Ísmeáél. Ach is trí Íosác a chomhlíonfar mo ghealltanais.’

“Trí chreideamh freisin fuair Sárá féin neart chun mac a ghabháil . . . Óir chreid sí gurbh iontaofa an té a thug an gealltanas uaidh.”—Eabhraigh 11:11