Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 10

Cuimhnígí ar Bhean Lót

Cuimhnígí ar Bhean Lót

Bhí Lót ina chónaí lena uncail Abrahám, i dtír Chanán. De réir a chéile, mhéadaigh líon na n-ainmhithe a bhí ag Abrahám agus Lót agus ní raibh a ndóthain talún acu lena n-aghaidh. Dúirt Abrahám le Lót: ‘Ní féidir linn cónaí in aon áit amháin le chéile níos mó. Roghnaigh tusa an treo atá tú ag iarraidh a dhul, agus tiocfaidh mise an treo eile.’ Nár dheas ag Abrahám an rogha a thabhairt do Lót?

Chonaic Lót píosa breá talún in aice le cathair Shodom. Bhí neart uisce agus féar glas ann. Dá bhrí sin roghnaigh sé an áit sin, agus d’aistrigh sé a theaghlach ann.

Ba dhrochdhaoine a bhí ina gcónaí i Sodom agus sa gcathair a bhí in aice láimhe, Gomorá. Bhí siad chomh dona sin gur bheartaigh Iehova an dá chathair a scriosadh. Ach bhí Dia ag iarraidh Lót agus a chlann a shábháil. Chuir sé dhá aingeal chucu le fógairt orthu: ‘Déanaigí deifir! Téigí amach as an gcathair seo! Tá Iehova chun é a scriosadh.’

Níor fhág Lót ar an bpointe. Bhí sé ag déanamh moille. Ansin rug na haingil i ngreim láimhe ar Lót, a bhean agus a bheirt iníonacha agus thug siad amach as an gcathair faoi dheifir iad, ag rá: ‘Rithigí le bhur n-anam! Sábhálaigí sibh féin, agus ná breathnaígí in bhur ndiaidh. Mar má bhreathnaíonn gheobhaidh sibh bás!’

Nuair a shroich siad cathair Zoar, chaith Iehova ruibh agus tine anuas ar Shodom agus ar Ghomorá. Scriosadh an dá chathair. Bhreathnaigh bean Lót ina diaidh agus déanadh piléar salainn di. Ach tháinig Lót agus a bheirt iníonacha slán mar bhí siad umhal d’Iehova. Is cinnte go raibh siad an-bhrónach faoi go raibh bean Lót easumhal. Ach ag an am céanna, bhí siad buíoch gur lean siadsan treoracha Iehova.

“Cuimhnígí ar mhnaoi Lót!”—Lúcás 17:32