Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 11

Teist ar Chreideamh Abrahám

Teist ar Chreideamh Abrahám

Mhúin Abrahám d’Íosác le grá a bheith aige d’Iehova agus muinín a bheith aige as a chuid gealltanais go léir. Ach nuair a bhí Íosác thart ar 25 bliain d’aois, d’iarr Iehova ar Abrahám rud a dhéanamh a bhí an-deacair. Céard a d’iarr sé?

Dúirt Dia le hAbrahám: ‘Tabhair leat, más é do thoil é, d’aon mhac Íosác agus ofráil mar íobairt é ar shliabh i dtír Mhoiriá.’ Ní raibh a fhios ag Abrahám cén fáth ar iarr Iehova air é seo a dhéanamh. Ach fós féin, rinne sé mar a d’iarr sé.

Go moch an mhaidin dár gcionn, thug Abrahám leis Íosác agus beirt dá shearbhóntaí, agus chuaigh siad i dtreo Mhoiriá. Tar éis trí lá, chonaic siad na sléibhte i bhfad uatha. Dúirt Abrahám lena shearbhóntaí fanacht san áit a raibh siad, fad is a bheadh sé féin agus Íosác ag ofráil na híobartha. Thug Abrahám ábhar tine d’Íosác le hiompar agus thug sé féin scian leis. Chuir Íosác ceist ar a athair: ‘Cá bhfuil an t-ainmhí atá muid chun a ofráil mar íobairt?’ D’fhreagair Abrahám: ‘Cuirfidh Iehova ar fáil é, a mhic.’

Nuair a shroich siad an sliabh thóg siad altóir. Ansin cheangail Abrahám cosa agus lámha Íosác agus chuir ar an altóir é.

Rug Abrahám ar an scian. Ag an nóiméad sin, d’fhógair aingeal Iehova air ó neamh agus dúirt: ‘A Abrahám! Ná déan aon dochar don bhuachaill! Anois tá a fhios agam go bhfuil creideamh agat i nDia mar bhí tú sásta do mhac a ofráil mar íobairt.’ Ansin chonaic Abrahám reithe a raibh a chuid adharca i bhfostú i sceacha. Scaoil sé saor Íosác ar an bpointe, agus d’ofráil sé an reithe mar íobairt ina áit.

Ón lá sin amach, thug Iehova ‘mo chara’ ar Abrahám. An bhfuil a fhios agat cén fáth? Rinne Abrahám cibé rud a d’iarr Iehova air, fiú amháin nuair nár thuig sé an chúis a bhí leis.

Thug Iehova a ghealltanas d’Abrahám arís: ‘Beannóidh mé thú, agus rachaidh do shliocht i líonmhaire.’ Bhí Iehova chun na daoine maithe go léir a bheannú trí shliocht Abrahám.

“Óir ghráigh Dia an domhan chomh mór sin gur thug sé a Aonghin Mic uaidh i dtreo, gach duine a chreideann ann, nach gcaillfí é ach go mbeadh an bheatha shíoraí aige.”—Eoin 3:16