Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 13

Déanann Iacób agus Éasau Síocháin Lena Chéile

Déanann Iacób agus Éasau Síocháin Lena Chéile

Gheall Iehova d’Iacób go gcosnódh sé é, díreach mar a rinne sé le hAbrahám agus le hÍosác. Chuir Iacób faoi in áit ar a dtugtar Hárán, phós sé agus bhí clann mhór air, agus bhí sé an-saibhir.

In am trátha, dúirt Iehova le hIacób: ‘Téigh ar ais go dtí do thír dhúchais.’ Mar sin, thosaigh Iacób agus a chlann ar an turas fada abhaile. Le linn dó a bheith ar an mbealach, dúradh le hIacób: ‘Tá do dheartháir Éasau ag teacht i do threo agus 400 fear in éineacht leis!’ Bhuail faitíos Iacób mar bhí sé ag ceapadh go raibh Éasau ag iarraidh é féin agus a chlann a ghortú. Ghuigh sé chuig Iehova: ‘Sábháil ar mo dheartháir mé, más é do thoil é.’ An chéad lá eile sheol Iacób caoire, gabhair, ba, camaill, agus asail chuig Éasau mar bhronntanas.

An oíche sin nuair a bhí Iacób ina aonar, chonaic sé aingeal! Thosaigh an t-aingeal ag iomrascáil leis. Bhí siad ag iomrascáil nó go raibh sé ina lá. Cé go raibh Iacób gortaithe, ní scaoilfeadh sé leis an aingeal. Dúirt an t-aingeal: ‘Scaoil liom.’ Ach dúirt Iacób: ‘Ní scaoilfidh, nó go mbeannóidh tú mé.’

Ar deireadh, bheannaigh an t-aingeal é. Bhí a fhios ag Iacób ansin nach ligfeadh Iehova d’Éasau é a ghortú.

An mhaidin sin, chonaic Iacób Éasau agus an 400 fear i bhfad uaidh. Chuaigh Iacób amach chun tosaigh ar a chlann, agus d’umhlaigh sé síos seacht n-uaire os comhair a dhearthár. Rith Éasau i dtreo Iacób agus chuir sé a dhá láimh timpeall air. Thosaigh an bheirt acu ag caoineadh agus rinne siad síocháin lena chéile. Meas tú céard a cheap Iehova faoin gcaoi a ndearna Iacób síocháin?

Níos déanaí, chuaigh Éasau ar ais abhaile agus lean Iacób dá thuras. Bhí 12 mhac ar fad ag Iacób. B’iad sin Reúbaen, Simeon, Léiví, Iúdá, Dan, Naftáilí, Gád, Áiséar, Íosácár, Zabúlun, Iósaef, agus Biniáimin. D’úsáid Iehova Iósaef—duine de chlann mhac Iacób—chun na hIosraeilítigh a shábháil. An bhfuil a fhios agat cén chaoi? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí; sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh.”—Matha 5:44, 45