Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 14

Sclábhaí a Bhí Umhal do Dhia

Sclábhaí a Bhí Umhal do Dhia

Ba é Iósaef an dara mac ab óige a bhí ag Iacób. Thug an chuid ba shine dá chuid deartháireacha faoi deara gur ar Iósaef ba mhó a bhí cion ag Iacób. Cén chaoi ar mhothaigh siad faoi sin, meas tú? Bhí siad in éad le hIósaef agus bhí an ghráin acu air. Bhí cúpla brionglóid aisteach ag Iósaef agus d’inis sé dá chuid deartháireacha fúthu. Shíl siadsan gur chiallaigh na brionglóidí go gcaithfidís umhlú síos dó lá éigin. Anois, bhí an dearg-ghráin acu air.

Lá amháin, bhí deartháireacha Iósaef ag tabhairt aire do na caoirigh in aice le cathair Sheicim. Chuir Iacób Iósaef chucu go bhfeicfeadh sé cén chaoi a raibh siad ag déanamh. Nuair a chonaic a dheartháireacha Iósaef i bhfad uathu dúirt siad: ‘Tá fear na mbrionglóidí ag teacht. Maróidh muid é!’ Rug siad air agus chaith siad isteach i bpoll domhain é. Ach dúirt Iúdá: ‘Ná maraígí é! Díolfaidh muid mar sclábhaí é.’ Mar sin, dhíol siad Iósaef ar 20 píosa airgid le fir as Midián a bhí ar a mbealach go dtí an Éigipt.

Ansin thum siad cóta Iósaef i bhfuil gabhair, agus chuir siad chuig a n-athair é, agus dúirt: ‘Nach é seo cóta do mhic?’ Cheap Iacób go raibh Iósaef maraithe ag ainmhí fiáin. Bhí sé croíbhriste. Ní raibh aon duine in ann sólás a thabhairt dó.

Díoladh Iósaef mar sclábhaí san Éigipt, le fear tábhachtach darbh ainm Póitífear. Ach bhí Iehova le hIósaef i gcónaí. Chonaic Póitífear gur oibrí maith a bhí in Iósaef agus go bhféadfaí brath air. Is gearr go raibh Iósaef i gceannas ar gach a raibh ag Póitífear.

Thug bean Phóitífear Iósaef faoi deara, mar b’fhear óg dathúil láidir a bhí ann. Lá i ndiaidh lae bhí sí ag iarraidh ar Iósaef luí léi. Céard a dhéanfadh Iósaef? Dhiúltaigh sé di agus dúirt sé: ‘Ní luífidh! Níl sé seo ceart. Tá muinín ag mo mháistir asam agus is tusa a bhean. Má luím leatsa beidh mé ag déanamh peaca in aghaidh Dé!’

Lá amháin thriail bean Phóitífear iallach a chur ar Iósaef luí síos léi. Rug sí ar chóta air, ach rith seisean uaithi. Nuair a tháinig Póitífear abhaile, dúirt sí leis gur ionsaigh Iósaef í. Ní raibh sí ag insint na fírinne. Bhí fearg mhór ar Phóitífear agus chaith sé Iósaef isteach sa bpríosún. Ach ní dhearna Iehova dearmad ar Iósaef.

“Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi láimh chumhachtach Dé ionas go n-ardódh sé sibh i dtráth.”—1 Peadar 5:6