Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 15

Ní Dhearna Iehova Dearmad ar Iósaef

Ní Dhearna Iehova Dearmad ar Iósaef

Le linn d’Iósaef a bheith sa bpríosún bhí brionglóidí ag Faró, Rí na hÉigipte. Ní raibh aon duine in ann a chuid brionglóidí a mhíniú. Dúirt duine dá chuid searbhóntaí le Faró go raibh Iósaef in ann brionglóidí a mhíniú. Chuir Faró fios ar Iósaef láithreach.

D’fhiafraigh Faró d’Iósaef: ‘An féidir leat mo chuid brionglóidí a mhíniú dom?’ Mhínigh Iósaef: ‘Beidh neart bia san Éigipt ar feadh seacht mbliana, agus ina dhiaidh sin, beidh gorta ann ar feadh seacht mbliana eile. Mar sin, roghnaigh duine ciallmhar chun bia a chur i dtaisce, ionas nach bhfaighidh do dhaoine bás leis an ocras.’ D’fhreagair Faró: ‘Roghnaím tusa! Beidh tú ar an dara duine is cumhachtaí san Éigipt!’ Cén chaoi a raibh a fhios ag Iósaef céard a chiallaigh na brionglóidí a bhí ag Faró? Fuair sé cabhair ó Iehova.

Chaith Iósaef seacht mbliana ag cur bia i dtaisce. Ansin bhí gorta ar fud an domhain, díreach mar a dúirt Iósaef. Tháinig daoine as gach áit chun bia a cheannach uaidh. Chuala a athair, Iacób, go raibh bia san Éigipt agus chuir sé deichniúr dá chlann mhac chun na hÉigipte chun bia a cheannach.

Chuaigh clann mhac Iacób go dtí Iósaef. D’aithin sé ar an bpointe iad, ach níor aithin siadsan é. D’umhlaigh siad síos dó, díreach mar a tharla ina bhrionglóid nuair a bhí sé ina fhear óg. Theastaigh uaidh Iósaef a fháil amach an raibh a chuid deartháireacha chomh cruálach céanna i gcónaí. ‘Is spiairí sibh,’ a dúirt sé. ‘Tá sibh ag iarraidh a fháil amach cé na laigí atá ag ár dtír.’ ‘Níl!’ a dúirt siad. ‘Is 12 deartháir as Canán muid. Tá duine dár ndeartháireacha básaithe agus tá an duine is óige lenár n-athair.’ Ansin dúirt Iósaef: ‘Tugaigí bhur ndeartháir is óige chugam agus creidfidh mé ansin sibh.’ Ansin chuaigh siad abhaile go dtí a n-athair.

Nuair nach raibh aon bhia fágtha ag clann Iacób, chuir sé a chlann mhac ar ais go dtí an Éigipt. An uair seo thug siad Biniáimin, an mac ab óige, leo. Chun teist a chur ar a chuid deartháireacha, chuir Iósaef cupán airgid i bhfolach i mála Bhiniáimin agus ansin chuir sé i leith a chuid deartháireacha gur ghoid siad é. Baineadh geit as na deartháireacha nuair a fuair searbhóntaí Iósaef an cupán i mála Bhiniáimin. D’impigh siad ar Iósaef an pionós a chur orthu féin in ionad Bhiniáimin.

Anois, ba léir d’Iósaef go raibh athrú mór tagtha ar a chuid deartháireacha. Ní raibh Iósaef in ann smacht a choinneáil ar a chuid mothúchán níos faide. Phléasc sé amach ag caoineadh agus dúirt sé leo: ‘Is mise bhur ndeartháir Iósaef. An bhfuil m’athair fós beo?’ Bhí an-iontas ar a chuid deartháireacha. Dúirt sé leo: ‘Ná bígí buartha faoin méid a rinne sibh orm. Is é Dia a sheol anseo mé chun sibh a choinneáil beo. Anois déanaigí deifir, faighigí m’athair agus tugaigí anseo é.’

Chuaigh siad abhaile chun an dea-scéal a insint dá n-athair agus chun é a thabhairt go dtí an Éigipt. Tar éis blianta fada bhí Iósaef agus a athair le chéile arís.

“Ach mura maitheann sibhse do chách, ní mó a mhaithfidh bhur nAthair bhur gcionta daoibhse.”—Matha 6:15