Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 18

Sceach Trí Thine

Sceach Trí Thine

Mhair Maois i Midián ar feadh 40 bliain. Phós sé agus bhí clann air. Lá amháin nuair a bhí sé ag tabhairt aire dá chuid caorach in aice le Sliabh Shíonái chonaic sé rud a chuir iontas air. Bhí sceach trí thine, ach ní raibh an tine á dó! Nuair a chuaigh Maois chomh fada léi go bhfeicfeadh sé céard a bhí ag tarlú, chuala sé guth ón sceach ag rá leis: ‘A Mhaois! Ná tar níos gaire. Bain díot do bhróga mar tá tú i do sheasamh ar thalamh naofa.’ Ba é Iehova a bhí ag labhairt leis trí aingeal.

Chlúdaigh Maois a éadan, mar bhí eagla air. Dúirt an guth arís: ‘Tá an cruatan atá á fhulaingt ag na hIosraeilítigh feicthe agam. Saorfaidh mé ó na hÉigiptigh iad agus tabharfaidh mé go dtí tír bhreá thorthúil iad. Is tusa a threoróidh mo dhaoine amach as an Éigipt.’ Meas tú ar chuir sé seo iontas ar Mhaois?

D’fhiafraigh Maois: ‘Céard a déarfaidh mé nuair a fhiafróidh na daoine díom cé a chuir chucu mé?’ D’fhreagair Dia: ‘Abair leo gurb é Iehova, Dia Abrahám, Dia Íosác agus Dia Iacóib a chuir chucu thú.’ Dúirt Maois: ‘Céard a tharlóidh mura gcreideann siad mé?’ Chruthaigh Iehova do Mhaois go gcabhródh Sé leis. Dúirt sé le Maois a shlat a chaitheamh ar an talamh. Ansin déanadh nathair den tslat. Nuair a rug Maois ar eireaball na nathrach déanadh slat arís di. Dúirt Iehova: ‘Nuair a dhéanfaidh tú an mhíorúilt seo, creidfidh siad thú.’

Dúirt Maois: ‘Ní cainteoir maith mé.’ Gheall Iehova dó: ‘Cuirfidh mise na focail i do bhéal, agus cuirfidh mé chugat do dheartháir Árón chun cabhrú leat.’ Nuair a bhí a fhios ag Maois go raibh Iehova leis, thug sé leis a bhean agus a chlann mhac agus chuaigh siad ar ais go dtí an Éigipt.

“Ná bígí ag fiafraí conas a labhróidh sibh nó go himníoch cad a déarfaidh sibh. Tabharfar daoibh, an uair sin féin, an rud a bheidh le rá agaibh.”—Matha 10:19