Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 19

An Chéad Trí Phlá

An Chéad Trí Phlá

Chuir na hÉigiptigh iallach ar na hIosraeilítigh oibriú go crua mar sclábhaithe. Dúirt Iehova le Maois agus le hÁrón an teachtaireacht seo a thabhairt d’Fharó: ‘Lig do mo dhaoine a dhul amach sa bhfásach agus mé a adhradh ansin.’ D’fhreagair Faró go mórtasach: ‘Is cuma liom céard a deir Iehova, ní scaoilfidh mé leis na hIosraeilítigh.’ Ansin mhéadaigh Faró an t-ualach oibre a bhí orthu. Bhí Iehova chun ceacht a mhúineadh d’Fharó. An bhfuil a fhios agat cén chaoi? Tharraing sé Deich bPlá ar an Éigipt. Dúirt Iehova le Maois: ‘Níl Faró ag éisteacht liom. Beidh sé ag Abhainn na Níle ar maidin. Téigh go dtí é agus abair leis go ndéanfar fuil d’uisce na Níle de bhrí nár scaoil sé saor mo dhaoine.’ Rinne Maois mar a dúradh leis agus chuaigh sé go dtí Faró. Bhuail Árón an Níl lena shlat i láthair Fharó, agus déanadh fuil den uisce. Is gearr go raibh boladh bréan ar an abhainn, maraíodh na héisc, agus níorbh fhéidir uisce na Níle a ól. Mar sin féin, níor scaoil Faró leis na hIosraeilítigh.

Seacht lá ina dhiaidh sin, chuir Iehova Maois ar ais go dtí Faró leis an teachtaireacht seo: ‘Mura ligfidh tú do mo dhaoine imeacht as an Éigipt, beidh an Éigipt lán le froganna.’ Chroch Árón a shlat agus clúdaíodh an talamh go léir le froganna. Bhí froganna i dtithe na ndaoine, ina gcuid leapacha, agus ina gcuid soithí. Bhí froganna i ngach áit! D’iarr Faró ar Mhaois impí ar Iehova an phlá seo a stopadh. Gheall Faró go scaoilfeadh sé leis na hIosraeilítigh. Dá bhrí sin, stop Iehova an phlá, agus rinne na hÉigiptigh carnáin mhóra de na froganna. Bhí an talamh bréan leo. Ach arís, níor lig Faró do na hIosraeilítigh imeacht.

Dúirt Iehova le Maois: ‘Abair le hÁrón a shlat a bhualadh faoin talamh. Ansin déanfar míoltóga beaga a bhíonn ag baint greamanna as daoine, den dusta.’ Bhí míoltóga beaga i ngach áit ar an bpointe. Dúradh le Faró: ‘Is ó Dhia atá an phlá seo ag teacht.’ Ach arís eile, níor scaoil Faró leis na hIosraeilítigh.

“Tabharfaidh mé orthu an uair seo mo lámh agus mo neart a admháil; agus aithneoidh siad ansin gurb é an Tiarna [Iehova] m’ainm.”—Irimia 16:21