Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 23

Thug Siad Gealltanas d’Iehova

Thug Siad Gealltanas d’Iehova

Tuairim is dhá mhí tar éis dóibh an Éigipt a fhágáil, tháinig na hIosraeilítigh chomh fada le Sliabh Shíonái agus champáil siad ann. Ghlaoigh Iehova ar Mhaois agus chuaigh Maois suas an sliabh. Dúirt Iehova leis: ‘Thug mé slán na hIosraeilítigh. Má bhíonn siad umhal dom agus má choinníonn siad mo chuid dlíthe, beidh siad mar phobal speisialta agam.’ Nuair a tháinig Maois anuas den sliabh d’inis sé do na hIosraeilítigh an méid a bhí ráite ag Iehova leis. Cén freagra a thug siad air? Dúirt siad: ‘Déanfaidh muid gach a n-ordaíonn Iehova dúinn a dhéanamh.’

Chuaigh Maois suas an sliabh arís. Dúirt Iehova leis ansin: ‘Labhróidh mé leat faoi cheann trí lá. Cuir fainic ar na daoine gan a dhul suas Sliabh Shíonái.’ Chuaigh Maois síos agus dúirt sé leis na hIosraeilítigh fáil réidh mar go raibh Iehova chun labhairt leo.

Trí lá ina dhiaidh sin, chonaic na hIosraeilítigh tintreach agus scamaill dhorcha ar an sliabh. Chomh maith leis sin, chuala siad pléasc thoirní agus adharc á séideadh. Ansin tháinig Iehova anuas ar an sliabh mar a bheadh tine ann. Bhí na hIosraeilítigh ag crith le heagla. Bhí an sliabh go léir ag crith go tréan agus bhí sé faoi bhrat deataigh. Bhí torann na hadhairce ag dul ó neart go neart. Ansin dúirt Dia: ‘Is mise Iehova. Ná bígí ag adhradh aon déithe eile.’

Chuaigh Maois suas an sliabh den tríú huair. Thug Iehova dlíthe dó chun na daoine a oiliúint. Chuir na dlíthe in iúl an chaoi ar cheart dóibh Dia a adhradh, agus an chaoi ar cheart dóibh iad féin a iompar. Scríobh Maois síos na dlíthe agus ansin léigh sé do na hIosraeilítigh iad. Gheall siad: ‘Déanfaidh muid gach a n-ordaíonn Iehova dúinn a dhéanamh.’ Sea go deimhin, thug siad gealltanas do Dhia. Ach an gcomhlíonfaidís é?

“Gráóidh tú do Thiarna Dia ó do chroí go hiomlán agus ó d’anam go hiomlán agus ó d’aigne go hiomlán.”—Matha 22:37