Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 26

An Daréag Spiaire

An Daréag Spiaire

D’fhág na hIosraeilítigh Sliabh Shíonái agus thaistil siad trí fhásach Phárán go dtí áit ar a dtugtar Cáidéis. Dúirt Iehova le Maois: ‘Cuir amach dháréag fear, duine ó gach treibh, chun spiadóireacht a dhéanamh ar Chanán, an tír atá mé chun a thabhairt do na hIosraeilítigh.’ Mar sin roghnaigh Maois dháréag fear agus dúirt sé leo: ‘Téigí go Canán agus faighigí amach an talamh maith curadóireachta é. Faighigí amach an bhfuil na daoine lag nó láidir agus an gcónaíonn siad i bpubaill, nó i gcathracha.’ D’imigh an dáréag spiaire leo go Canán. Bhí Iósua agus Cálaeb ina measc.

Tháinig na spiairí ar ais tar éis 40 lá, le figí, pomagránaití, agus fíonchaora. Dúirt na spiairí: ‘Tá an talamh go maith, ach tá na daoine láidir agus tá ballaí arda ar na cathracha.’ Dúirt Cálaeb ansin: ‘Tá muid in ann an ceann is fearr a fháil orthu. Fágaigí seo anois díreach!’ An bhfuil a fhios agat cén fáth a ndúirt Cálaeb é sin? Mar bhí muinín aige féin agus ag Iósua as Iehova. Ach dúirt an deichniúr spiairí eile: ‘Ní fhágfaidh muid! Tá na daoine mór millteach. Is cosúil le fathaigh iad! Bhí muidne mar a bheadh dreoilíní teaspaigh lena n-ais.’

Tháinig lagmhisneach ar na hIosraeilítigh. Thosaigh siad ag gearán agus ag rá lena chéile: ‘Roghnóidh muid ceannaire eile agus rachaidh muid ar ais go dtí an Éigipt. Má théann muid go dtí an áit sin marófar muid!’ Dúirt Iósua agus Cálaeb leo: ‘Ná bígí easumhal d’Iehova agus ná bíodh eagla oraibh. Cosnóidh Iehova muid.’ Ach ní éistfeadh na hIosraeilítigh. Bhí siad ag iarraidh Iósua agus Cálaeb a mharú fiú!

Céard a rinne Iehova? Dúirt sé le Maois: ‘Tar éis gach a bhfuil déanta agam do na hIosraeilítigh, níl aon aird acu orm. Mar sin, fanfaidh siad sa bhfásach ar feadh 40 bliain agus gheobhaidh siad bás ann. Ach rachaidh a gclann, agus Iósua agus Cálaeb, isteach sa tír atá geallta agam dóibh.’

“Cén fáth a bhfuil eagla oraibh, a lucht an bheagán creidimh?”—Matha 8:26