Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 29

Roghnaigh Iehova Iósua

Roghnaigh Iehova Iósua

Tar éis dó náisiún Iosrael a threorú ar feadh blianta fada, bhí Maois ag teannadh le deireadh a shaoil. Dúirt Iehova leis: ‘Ní thusa a threoróidh na hIosraeilítigh isteach sa Tír Tairngire. Ach ligfidh mé duit an tír sin a fheiceáil.’ Ansin d’iarr Maois ar Iehova ceannaire nua a roghnú le haire a thabhairt do na daoine. Dúirt Iehova leis: ‘Téigh go dtí Iósua agus abair leis gurb eisean atá roghnaithe agam.’

Dúirt Maois leis an náisiún go raibh sé féin chun bás a fháil go luath, agus go raibh Iósua roghnaithe ag Iehova chun na daoine a threorú isteach sa Tír Tairngire. Ansin dúirt Maois le hIósua: ‘Ná bíodh eagla ort. Cabhróidh Iehova leat.’ Go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Maois suas ar Shliabh Neabó, áit ar thaispeáin Iehova dó an talamh a bhí geallta Aige d’Abrahám, d’Íosác agus d’Iacób. Bhí Maois 120 bliain d’aois nuair a fuair sé bás.

Dúirt Iehova le hIósua: ‘Téigh trasna Abhainn na hIordáine, go dtí Canán. Cabhróidh mise leat, díreach mar a chabhraigh mé le Maois. Bí cinnte go léifidh tú mo dhlí gach lá. Ná bíodh eagla ort. Bí cróga. Téigh agus déan gach ar ordaigh mé duit a dhéanamh.’

Chuir Iósua beirt spiairí go dtí cathair Ireachó. Sa gcéad scéal eile gheobhaidh muid amach céard a tharla sa gcathair sin. Nuair a tháinig siad ar ais, dúirt siad gur am maith a bhí ann le dul isteach i gCanán. An lá dár gcionn, dúirt Iósua leis an náisiún an campa a bhaint anuas. Ansin chuir sé na sagairt a bhí ag iompar áirc an chonartha ar aghaidh go dtí Abhainn na hIordáine. Bhí an abhainn ag cur thar maoil. Ach chomh luath is a chuir na sagairt a gcosa san uisce stop sruth na habhann agus thriomaigh sí! Shiúil na sagairt go dtí lár na habhann agus d’fhan siad ansin fad is a bhí náisiún Iosrael go léir ag trasnú go dtí an taobh eile. Meas tú ar thug an mhíorúilt seo chun cuimhne dóibh an rud a rinne Iehova ag an Muir Rua?

Ar deireadh thiar, tar éis na mblianta sin go léir, bhí na hIosraeilítigh sa Tír Tairngire. Bheidís in ann tithe agus cathracha a thógáil. Bheidís in ann páirceanna, fíonghoirt, agus gairdíní úll a chur. Bhí bainne agus mil go fairsing sa tír sin.

“Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine.”—Íseáia 58:11