Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 30

Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach

Chuir Rácháb na Spiairí i bhFolach

Chuaigh spiairí Iosraeilíteacha go dtí cathair Ireachó agus d’fhan siad in éineacht le bean darbh ainm Rácháb. Fuair rí Ireachó amach fúthu agus chuir sé saighdiúirí go dtí Rácháb. Chuir sí na spiairí i bhfolach ar dhíon an tí agus chuir sí na saighdiúirí an treo mícheart. Dúirt sí leis na spiairí: ‘Cabhróidh mé libh mar tá a fhios agam go bhfuil Iehova libh agus go bhfuil sibh chun an tír a ghabháil. Geallaigí dom, más é bhur dtoil é, go sábhálfaidh sibh mo theaghlach.’

Dúirt na spiairí le Rácháb: ‘Geallfaidh muid duit nach ngortófar aon duine a bheidh istigh i do theach.’ Dúirt siad: ‘Ceangail rópa dearg i d’fhuinneog agus tiocfaidh do theaghlach slán.’

Lig Rácháb síos na spiairí ar rópa óna fuinneog. Chuaigh siad go dtí na sléibhte agus d’fhan siad i bhfolach ansin ar feadh trí lá sula ndeachaigh siad ar ais go dtí Iósua. Ansin chuaigh na hIosraeilítigh trasna Abhainn na hIordáine agus fuair siad réidh le haghaidh an tír a ghabháil. Ba é Ireachó an chéad chathair a chloígh siad. Dúirt Iehova leo máirseáil timpeall na cathrach uair in aghaidh an lae ar feadh sé lá. Ar an seachtú lá mháirseáil siad timpeall na cathrach seacht n-uaire. Ansin shéid na sagairt a dtrumpaí agus bhéic na saighdiúirí in ard a gcinn. Thit ballaí na cathrach go talamh! Ach d’fhan teach Rácháb, a bhí tógtha ar an mballa, ina sheasamh. Tháinig Rácháb agus a teaghlach slán mar chuir sí a muinín in Iehova.

“Ba é an dála céanna é ag Rácháb, . . . nach trí dhea-oibreacha a fíréanaíodh í nuair a ghlac sí leis na teachtairí agus gur sheol amach iad ar mhalairt bealaigh?”—Séamas 2:25