Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 32

Ceannaire Nua agus Beirt Bhan Cróga

Ceannaire Nua agus Beirt Bhan Cróga

Threoraigh Iósua na daoine ar feadh blianta fada. Fuair sé bás nuair a bhí sé 110 bliain d’aois. Bhí na hIosraeilítigh ag adhradh Iehova an fhad is a bhí Iósua beo. Ach nuair a fuair Iósua bás, thosaigh siad ag adhradh na n-íol, díreach mar a bhí na Canánaigh a dhéanamh. Mar thoradh ar sin, lig Iehova do rí Canánach, darbh ainm Iábaín, iad a chur faoi chois. D’impigh na daoine ar Iehova cabhrú leo. Mar sin chuir Iehova Bárác i gceannas orthu. Bhí sé chun cabhrú leis na daoine filleadh ar Iehova.

Chuir banfháidh, darbh ainm Deabórá, fios ar Bhárác. Bhí teachtaireacht ó Iehova aici dó: ‘Tabhair leat 10,000 fear, agus téigh amach in aghaidh arm Iábaín ag sruthán Chiseon. Is ansin a gheobhaidh tú an ceann is fearr ar Shíseará, an taoiseach atá ar arm Iábaín.’ Dúirt Bárác le Deabórá: ‘Má théann tusa liom rachaidh mé ann.’ Dúirt sí: ‘Rachaidh mé in éineacht leat. Ach bíodh a fhios agat nach tusa a mharóidh Síseará. Dúirt Iehova gur bean a mharódh é.’

Chuaigh Deabórá in éineacht le Bárác agus a arm go dtí Sliabh Tábór chun fáil réidh le haghaidh an chatha. Chomh luath agus a chuala Síseará faoi seo, bhailigh sé a chuid carbad cogaidh agus a chuid trúpaí thíos sa ngleann. Dúirt Deabórá le Bárác: ‘Tabharfaidh Iehova an bua duit inniu.’ Síos le Bárác le fána an tsléibhe agus deich míle fear ar a shála, chun ruathar a thabhairt faoi arm cumhachtach Shíseará.

Ansin chuir Iehova srutháin Chiseon thar maoil. Chuaigh carbaid cogaidh Shíseará á mbá sa bpuiteach. D’fhág Síseará a charbad agus thosaigh sé ag rith. Chloígh Bárác agus a chuid saighdiúirí arm Shíseará, ach d’éalaigh Síseará! Theith sé agus chuaigh sé i bhfolach i bpuball mná, darbh ainm Iáéil. Thug sí bainne le hól dó agus ansin chuir sí pluid air. Thit Síseará ina chodladh. D’éalaigh Iáéil go ciúin air agus thiomáin pionna pubaill trína cheann agus mharaigh sí é.

Tháinig Bárác sa tóir ar Shíseará. Tháinig Iáéil amach as a puball, agus dúirt sí: ‘Tar isteach. Taispeánfaidh mise duit an fear atá tú a chuardach.’ Chuaigh Bárác isteach agus chonaic sé Síseará ina luí ansin mín marbh. Mhol Bárác agus Deabórá Iehova le hamhrán molta, faoi go raibh an bua ag na hIosraeilítigh ar a naimhde. Bhí síocháin in Iosrael ar feadh 40 bliain ina dhiaidh sin.

“Déanfaidh . . . bhur n-iníonacha tairngreacht.”—Ióéil 3:1 (2:28 i mBíoblaí eile)