Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 34

Chloígh Gideón na Midiánaigh

Chloígh Gideón na Midiánaigh

Le himeacht aimsire, thréig Iosrael Iehova agus thosaigh siad ag adhradh déithe bréige. Chaith na Midiánaigh seacht mbliana ag goid ainmhithe na nIosraeilíteach agus ag scriosadh a gcuid barraí. Chun éalú ó na Midiánaigh théadh na hIosraeilítigh i bhfolach i bpluaiseanna agus sna sléibhte. D’impigh siad ar Iehova iad a shábháil. Mar sin, chuir Iehova aingeal go dtí fear óg darbh ainm Gideón. Dúirt an t-aingeal: ‘Tá tú roghnaithe ag Iehova le bheith i do laoch mór cumhachtach.’ D’fhiafraigh Gideón: ‘Cén chaoi ar féidir liom Iosrael a shábháil? Ní mórán is fiú mise.’

Cén chaoi a mbeadh a fhios ag Gideón gurbh eisean a bhí roghnaithe ag Iehova? Chuir sé olann ar an talamh agus dúirt sé le hIehova: ‘Má bhíonn drúcht ar an olann ar maidin, agus an talamh a bheith tirim, beidh a fhios agam go bhfuil tú ag iarraidh ormsa Iosrael a shábháil.’ An mhaidin dar gcionn, bhí an olann fliuch, ach bhí an talamh tirim! Ach ansin d’iarr Gideón go mbeadh an olann tirim an chéad mhaidin eile, agus drúcht ar an talamh. Nuair a thit rudaí amach mar a d’iarr sé, bhí a fhios ag Gideón gurbh é féin a bhí roghnaithe ag Iehova. Bhailigh sé a chuid saighdiúirí chun troid in aghaidh na Midiánach.

Dúirt Iehova le Gideón: ‘Tabharfaidh mé an bua do na hIosraeilítigh. Ach de bhrí go bhfuil an oiread sin saighdiúirí agat, tá an baol ann go gceapfá gur as do stuaim féin a bhuaigh tú an cath. Abair le duine ar bith a bhfuil eagla air a dhul abhaile.’ Mar sin chuaigh 22,000 saighdiúir abhaile, agus bhí 10,000 fágtha. Dúirt Iehova ansin: ‘Tá an iomarca saighdiúirí fós agat. Tabhair go dtí an sruthán iad, agus abair leo uisce a ól. Ná coinnigh ach iad siúd a bheidh ag faire amach don namhaid agus iad ag ól.’ Ní raibh ach 300 de na fir ag faire amach agus iad ag ól. Gheall Iehova gurbh iad an cúpla céad fear seo a chloífeadh na 135,000 saighdiúir Midiánach.

Dúirt Iehova le Gideón an oíche sin: ‘Anois, tá sé in am ionsaí a dhéanamh ar na Midiánaigh!’ Thug Gideón adharca agus crúscaí móra le tóirsí i bhfolach taobh istigh iontu dá chuid fear. Dúirt sé leo: ‘Breathnaígí ormsa, agus déanaigí mar a dhéanann mise.’ Shéid Gideón an adharc, bhris sé an crúsca, chroith sé an tóirse agus bhéic sé: ‘Claíomh Iehova agus Ghideón!’ Rinne a 300 fear an rud céanna. Bhuail eagla na Midiánaigh agus theith siad i ngach treo. Leis an ruaille-buaille ar fad, thosaigh siad ag ionsaí a chéile. Chabhraigh Iehova leis na hIosraeilítigh an namhaid a chloígh arís eile.

“D’fhonn a chruthú gur le Dia an chumhacht as cuimse agus nach uainn féin í.”—2 Corantaigh 4:7