Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 35

Guíonn Hanná go mBeidh Mac Aici

Guíonn Hanná go mBeidh Mac Aici

Bhí fear in Iosrael darbh ainm Ealcáná agus bhí beirt bhan aige—Hanná agus Pinineá. Ach bhí Ealcáná níos ceanúla ar Hanná. Bhí go leor páistí ag Pinineá agus bhíodh sí de shíor ag magadh faoi Hanná, faoi nach raibh aon pháiste ag Hanná. Thugadh Ealcáná a chlann go dtí Sileo gach bliain, chun adhradh a dhéanamh ag an taibearnacal. Bliain amháin le linn dó a bheith ag an taibearnacal thug sé faoi deara go raibh Hanná, an-bhrónach. Dúirt sé: ‘A Hanná, ná bí ag caoineadh. Nach bhfuil mise agat agus tá mé an-mhór leat.’

Níos déanaí, d’imigh Hanná chun guí ina haonar. Bhí sí ag síor-chaoineadh agus í ag impí ar Iehova cúnamh a thabhairt di. Gheall sí d’Iehova: ‘Má thugann tú mac dom, tabharfaidh mé duitse é agus beidh sé ag freastal ort fad is a mhairfidh sé.’

Chonaic an tArdsagart, Éilí, Hanná ag caoineadh, agus cheap sé go raibh sí ar meisce. D’fhreagair Hanná: ‘Níl mé ar meisce, a thiarna. Tá fadhb mhór agam agus tá mé á plé le hIehova.’ Thuig Éilí go raibh sé féin as bealach agus dúirt sé: ‘Go dtuga Dia toradh ar do ghuí duit.’ Mhothaigh Hanná níos fearr agus d’imigh sí léi. Saolaíodh mac di taobh istigh de bhliain agus thug sí Samúéil mar ainm air. Samhlaigh an t-áthas a bhí uirthi.

Ní dhearna Hanná dearmad ar an ngealltanas a thug sí d’Iehova. Chomh luath is a stop sí ag cothú Shamúéil, thug sí go dtí an taibearnacal é. Dúirt sí le hÉilí: ‘Seo é an buachaill a d’iarr mé ar Iehova. Tugaim ar iasacht d’Iehova é fad is a mhairfidh sé.’ Théadh Hanná agus Ealcáná ar cuairt chuig Samúéil gach bliain agus thugaidís cóta nua gan muinchillí chuige. Bhronn Iehova triúr mac eile agus beirt iníonacha ar Hanná.

“Iarraigí, agus tabharfar daoibh; lorgaígí, agus gheobhaidh sibh.”—Matha 7:7