Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 36

Gealltanas Iaftá

Gealltanas Iaftá

Thréig na hIosraeilítigh Iehova arís agus thosaigh siad ag adhradh déithe bréige. Nuair a d’ionsaigh na hAmónaigh na hIosraeilítigh, ní raibh aon mhaith sna déithe bréige dóibh. D’fhulaing na hIosraeilítigh ar feadh blianta fada. Sa deireadh, dúirt siad le hIehova: ‘Pheacaigh muid. Sábháil ónár naimhde muid, más é do thoil é.’ Scrios na hIosraeilítigh a gcuid íl agus thosaigh siad ag adhradh Iehova arís. Ní raibh Iehova ag iarraidh go mbeidís ag fulaingt.

ACuireadh laoch darbh ainm Iaftá i gceannas an airm chun na hAmónaigh a throid. Dúirt sé le hIehova: ‘Má thugann tú an bua dom sa gcath, geallaim duit go dtabharfaidh mé duit an chéad duine a thiocfaidh amach as mo theach nuair a fhillfidh mé abhaile.’ D’éist Iehova le guí Iaftá agus thug sé an bua dó.

Nuair a d’fhill Iaftá abhaile, ba í a iníon an chéad duine a tháinig amach as a theach. Ba í an t-aon duine clainne a bhí aige í. Bhí sí ag damhsa le ceol tiompáin. Céard a dhéanfadh Iaftá anois? Chuimhnigh sé ar a ghealltanas agus dúirt: ‘Ó, a iníon! Tá mo chroí briste agat. Tá gealltanas tugtha d’Iehova agam. Chun é a chomhlíonadh, caithfidh mé thú a chur go dtí an taibearnacal i Sileo.’ Ach dúirt a iníon leis: ‘A Athair, má tá gealltanas tugtha agat d’Iehova caithfidh tú é a chomhlíonadh. Níl mé ag iarraidh ach go gcaithfinn dhá mhí sna sléibhte leis na cailíní a bhfuil mé cairdiúil leo. Ansin rachaidh mé go Sileo.’ Chaith iníon Iaftá an chuid eile dá saol ag tabhairt seirbhíse d’Iehova ag an taibearnacal. Théadh a cairde ag cuairt aici i Sileo gach bliain.

“An té arb ansa leis . . . mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom.”—Matha 10:37