Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 39

An Chéad Rí ar Iosrael

An Chéad Rí ar Iosrael

Thug Iehova breithiúna do na hIosraeilítigh chun iad a threorú, ach bhí na hIosraeilítigh ag iarraidh rí. Dúirt siad le Samúéil: ‘Tá ríthe ag na náisiúin atá mórthimpeall orainn. Tá muidne ag iarraidh rí freisin.’ Cheap Samúéil nach raibh sé seo ceart agus ghuigh sé chuig Iehova ina thaobh. Dúirt Iehova: ‘Níl na daoine ag diúltú duitse. Tá siad ag diúltú domsa. Abair leo go bhféadfaidh siad rí a bheith acu, ach go gcuirfidh an rí ualach mór orthu.’ Mar sin féin, dúirt na daoine: ‘Is cuma linn. Tá muid ag iarraidh rí!’

Dúirt Iehova le Samúéil gur fear darbh ainm Sól a bheadh mar rí orthu. Nuair a chuaigh Sól ar cuairt chuig Samúéil i Rámá, dhoirt Samúéil ola ar cheann Shóil chun é a ungadh mar rí.

Níos déanaí, bhailigh Samúéil na hIosraeilítigh le chéile chun an rí nua a chur in aithne dóibh. Ach ní raibh fáil ar Shól in aon áit. An bhfuil a fhios agat cén fáth? Mar bhí sé i bhfolach i measc an bhagáiste. Sa deireadh, nuair a d’aimsigh siad Sól, thug siad amach é agus sheas sé i measc an tslua. Bhí Sól i bhfad níos airde ná aon duine eile, agus bhí sé an-dathúil. Dúirt Samúéil: ‘Féachaigí ar an té atá roghnaithe ag Iehova.’ Bhéic na daoine: ‘Fad saoil don rí!’

Bhí Rí Sól umhal do Shamúéil agus d’Iehova ar dtús. Ach ansin d’athraigh sé. Mar shampla, ní raibh cead ag an rí íobairtí a ofráil. Lá amháin, dúirt Samúéil le Sól fanacht go dtiocfadh sé, ach níor tháinig Samúéil ar an bpointe boise. Mar sin, d’ofráil Sól na híobairtí é féin. Céard a bhí le rá ag Samúéil faoi seo? Dúirt sé leis: ‘Níor cheart duit a bheith easumhal d’Iehova.’ Ar fhoghlaim Sól ceacht ón mbotún seo?

Ina dhiaidh sin, nuair a chuaigh Sól chun troda in aghaidh na hAmáiléicigh, dúirt Samúéil leis iad go léir a mharú. Ach níor mharaigh Sól an rí, Agag. Dúirt Iehova le Samúéil: ‘Tá mé tréigthe ag Sól, níl sé ag éisteacht liom níos mó.’ Bhí Samúéil an-bhrónach agus dúirt sé le Sól: ‘De bhrí nach bhfuil tú umhal d’Iehova, tá sé chun rí eile a roghnú i d’áit.’ Nuair a bhí Samúéil ag fágáil, rug Sól ar chóta air agus stróiceadh an cóta. Ansin dúirt Samúéil le Sól: ‘Tá Iehova ag stróiceadh na ríochta uaitse.’ Bhí Iehova chun an ríocht a bhaint de Shól, agus í a thabhairt d’fhear a bheadh umhal ó chroí Dó.

“Is fearr umhlaíocht ná íobairt.”—1 Samúéil 15:22