Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 41

Dáiví agus Sól

Dáiví agus Sól

Tar éis do Dháiví Góla a mharú, chuir Rí Sól i gceannas an airm é. Bhí an-mheas ar Dháiví mar ba mhinic a bhíodh an bua aige sa gcath. Nuair a thagadh Dáiví abhaile ón gcogaíocht, bhíodh na mná ag damhsa agus ag canadh: ‘Mharaigh Sól na mílte, ach mharaigh Dáiví na deicheanna de mhílte!’ Bhí Sól in éad le Dáiví agus bhí sé ag iarraidh é a mharú.

Ba chláirseoir maith a bhí i nDáiví. Lá amháin nuair a bhí sé ag seinm ar an gcláirseach do Shól, chaith an rí sleá leis. D’éirigh le Dáiví imeacht as an mbealach, agus chuaigh an tsleá i bhfostú sa mballa. Thriail Sól Dáiví a mharú go minic ina dhiaidh sin. Ar deireadh, theith Dáiví agus chuaigh sé i bhfolach sa bhfásach.

Chuaigh Sól agus a arm de 3,000 fear ar thóir Dháiví. Tharla sé go ndeachaigh Sól isteach sa bpluais chéanna a raibh Dáiví agus a chuid fear i bhfolach inti. Dúirt fir Dháiví i gcogar leis: ‘Seo é do sheans Sól a mharú.’ D’éalaigh Dáiví ar Shól agus ghearr sé an t-íochtar de chóta an rí. Níor thug Sól dada faoi deara. Ina dhiaidh sin, bhuail aiféala Dáiví mar nár léirigh an rud a rinne sé ómós do rí ungtha Iehova. Níor lig sé dá chuid fear Sól a ionsaí. D’fhógair sé ar Shól, ag rá gur scaoil sé thairis an deis a bhí aige é a mharú. An mbeadh athrú intinne ar Shól i dtaobh Dháiví?

Ní bheadh. Lean Sól air ag tóraíocht Dháiví. Oíche amháin d’éalaigh Dáiví agus a nia Aibísí isteach i gcampa Shóil. Bhí Aibneár, a bhí in ainm is a bheith ag cosaint Shóil, ina chodladh. Dúirt Aibísí: ‘Seo é do sheans. Lig dom é a mharú!’ D’fhreagair Dáiví: ‘Fágfaidh muid Sól ag Iehova. Tógfaidh muid a shleá agus a chrúsca uisce agus imeoidh muid.’

Chuaigh Dáiví suas cnoc, áit a raibh radharc aige ar champa Shóil. Bhéic sé amach: ‘A Aibneár, cén fáth nár chosain tú do rí? Cá bhfuil crúsca agus sleá Shóil?’ D’aithin Sól glór Dháiví agus dúirt sé: ‘Bhí an deis agat mé a mharú ach ní dhearna tú é. Tá a fhios agam anois gur tusa an chéad rí eile a bheidh ar Iosrael.’ D’fhill Sól ar a phálás. Ach bhí duine i dteaghlach Shóil nach raibh an ghráin aige ar Dháiví. Gheobhaidh muid amach faoi sa gcéad scéal eile.

“Más féidir é, chomh fada le bhur ndícheall, mairigí go síochánta le cách uile. Agus, a mhuintir na páirte, ná hagraigí díoltas ar dhuine ar bith; fágaigí an agairt faoi fhearg Dé.”—Rómhánaigh 12:18, 19