Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 42

Iónátán—An Laoch Cróga Dílis

Iónátán—An Laoch Cróga Dílis

Ba laoch cróga é Iónátán, an mac ba shine a bhí ag rí Sól. Dúirt Dáiví go raibh Iónátán níos tapúla ná iolar agus níos láidre ná leon. Lá amháin chonaic Iónátán 20 saighdiúir Filistíneach ar chnoc. Dúirt sé leis an bhfear a bhí ag iompar a chuid airm: ‘Ionsóidh muid iad má thugann Iehova comhartha dúinn. Má fhógraíonn na Filistínigh orainn a theacht aníos, beidh a fhios againn gur cheart dúinn iad a ionsaí.’ Bhéic na Filistínigh orthu: ‘Tagaigí aníos agus troidigí.’ Chuaigh an bheirt fhear suas an cnoc agus chloígh siad na saighdiúirí.

Bheifí ag súil gurbh é Iónátán a bheadh ar an gcéad rí eile ar Iosrael, de bhrí gurbh é an mac ba shine a bhí ag Sól é. Ach bhí a fhios ag Iónátán gurbh é Dáiví a bhí roghnaithe ag Iehova le bheith ina rí, mar sin féin ní raibh sé in éad leis. Bhí Iónátán agus Dáiví an-chairdiúil lena chéile. Gheall siad go gcosnóidís a chéile. Thug Iónátán a chóta, a chlaíomh, a bhogha agus a bheilt do Dháiví mar chomhartha ar an gcairdeas a bhí eatarthu.

Nuair a bhí Dáiví ar a theitheadh ó Shól, chuaigh Iónátán chomh fada leis agus dúirt sé: ‘Bí láidir agus bíodh misneach agat. Tá tú roghnaithe ag Iehova le bheith i do rí. Agus tá a fhios ag m’athair é sin chomh maith.’ Ar mhaith leatsa cara maith a bheith agat, cosúil le hIónátán?

Is minic a chuir Iónátán a bheatha i mbaol chun cabhrú lena chara. Bhí a fhios aige go raibh rí Sól ag iarraidh Dáiví a mharú, mar sin, dúirt sé lena athair: ‘Beidh peaca déanta agat má mharaíonn tú Dáiví, mar níl dada déanta as bealach aige.’ Bhí Sól ar buile le hIónátán. Roinnt blianta ina dhiaidh sin, maraíodh Sól agus Iónátán le chéile i gcath.

Tar éis d’Iónátán bás a fháil, chuaigh Dáiví go dtí mac Iónátáin, Meirí Bál. Dúirt sé leis: ‘De bhrí go raibh d’athair go maith dom, tabharfaidh mé aire duit an chuid eile de do shaol. Beidh tú i do chónaí i mo phálás agus ag ithe ag mo bhord.’ Ní dhearna Dáiví dearmad riamh ar a chara Iónátán.

“Is í seo m’aithne: sibh a thabhairt grá dá chéile, faoi mar a thug mé grá daoibh. Níl grá ag aon duine níos mó ná seo go dtabharfaidh duine a anam ar son a chairde.”—Eoin 15:12, 13