Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 44

Teampall Iehova

Teampall Iehova

Tar éis do Sholamh tosú ag rialú in Iosrael, d’fhiafraigh Iehova de: ‘Céard atá tú ag iarraidh orm?’ Dúirt Solamh: ‘Tá mé óg agus níl a fhios agam céard atá mé a dhéanamh. Tabhair eagna dom, más é do thoil é, ionas go mbeidh mé in ann aire a thabhairt do do dhaoine.’ Dúirt Iehova: ‘Mar gur iarr tú eagna, beidh tú ar an bhfear is ciallmhara agus is tuisceanaí ar domhan. Chomh maith leis sin tabharfaidh mé saibhreas duit. Agus má bhíonn tú umhal dom, beidh fad saoil agat.’

Thosaigh Solamh ar thógáil an teampaill. D’úsáid sé togha an óir, an airgid, an adhmaid agus na gcloch. D’oibrigh na mílte fear agus bean oilte ar an teampall. Tar éis seacht mbliana, chruinnigh na hIosraeilítigh le chéile chun an teampall a thiomnú d’Iehova. Bhí ofrálacha ar an altóir acu. Chuaigh Solamh ar a ghlúine os comhair na haltóra agus ghuigh sé: ‘A Iehova, níl an teampall seo sách mór ná sách breá duitse, ach más é do thoil é, glac lenár n-adhradh agus éist lenár nguí.’ Céard a cheap Iehova den teampall agus de phaidir Sholaimh? Chomh luath agus a chríochnaigh Solamh a phaidir, tháinig tine anuas as an spéir agus dhóigh sí na hofrálacha a bhí ar an altóir. Bhí Iehova sásta leis an teampall. Nuair a chonaic na hIosraeilítigh é seo bhí an-ríméad orthu.

Bhí cáil ar Sholamh in Iosrael agus i bhfad i gcéin de bharr a chuid eagna. Tháinig daoine go dtí Solamh chun cúnamh a fháil lena gcuid fadhbanna. Tháinig an bhanríon Seabá í féin chun é a thástáil le ceisteanna deacra. Nuair a chuala sí an méid a bhí le rá aige dúirt sí: ‘Níor chreid mé leath an méid a chuala mé fút, ach anois tá a fhios agam go bhfuil tú níos ciallmhaire agus níos tuisceanaí ná mar a dúradh. Tá beannacht do Dhia, Iehova, ort.’ Bhí an saol go maith in Iosrael ag an am sin. Ach bhí rudaí ar tí athrú.

“Tá anseo neach is mó ná Solamh.”—Matha 12:42