Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 45

Roinntear an Ríocht Ina Dhá Chuid

Roinntear an Ríocht Ina Dhá Chuid

Fad is a bhí Solamh ag adhradh Iehova, bhí síocháin in Iosrael. Ach phós Solamh mná ó thíortha eile. Bhíodh na mná seo ag adhradh na n-íol. De réir a chéile d’athraigh Solamh agus thosaigh sé féin ag adhradh na n-íol. Bhí fearg ar Iehova. Dúirt sé le Solamh: ‘Bainfidh mé ríocht Iosrael de do theaghlach agus déanfaidh mé dhá chuid di. Tabharfaidh mé an sciar is mó do dhuine de do shearbhóntaí, agus ní bheidh ag do theaghlachsa ach an sciar is lú.’

Mhínigh Iehova níos déanaí an chaoi a dtarlódh sé seo. Nuair a bhí searbhónta Sholaimh, Iarobám, ag taisteal ar an mbóthar casadh an fáidh Aichíá leis. Stróic sé a chóta agus rinne sé dhá phíosa dhéag de agus dúirt sé le hIarobám: ‘Tá Iehova chun ríocht Iosrael a bhaint de theaghlach Sholaimh agus dhá chuid a dhéanamh di. Beidh tusa i do rí ar dheich dtreibh, mar sin tóg 10 bpíosa den chóta.’ Chuala Rí Solamh faoi seo agus bhí sé ag iarraidh Iarobám a mharú! Ach theith Iarobám go dtí an Éigipt. In am tráth, fuair Solamh bás agus rinneadh rí dá mhac, Rachabám. Ansin bhí a fhios ag Iarobám go raibh sé sábháilte aige filleadh ar Iosrael.

Dúirt seanóirí Iosrael le Rachabám: ‘Má chaitheann tú go maith leis na daoine beidh siad dílis duit.’ Ach dúirt a chairde óga le Rachabám: ‘Caithfidh tú a bheith crua ar na daoine! Bain níos mó oibre astu!’ Lean Rachabám comhairle a chairde óga. Chaith sé go cruálach leis na daoine agus d’éirigh siad amach ina aghaidh. Cheap deich gcinn de na treibheanna Iarobám mar rí orthu féin agus tugadh ríocht Iosrael orthu. D’fhan an dá threibh eile dílis do Rachabám agus tugadh ríocht Iúdá orthusan. Bhí an ríocht roinnte ina dhá chuid.

Ní raibh Iarobám ag iarraidh go mbeadh a dhaoine ag dul go hIarúsailéim chun adhradh, mar bhí Iarúsailéim faoi cheannas ríocht Rachabám. An bhfuil a fhios agat cén fáth? Bhí eagla ar Iarobám go n-iompóidís ina aghaidh féin agus go dtacóidís le Rachabám. Mar sin rinne sé dhá lao óir agus dúirt sé leis na daoine: ‘Tá Iarúsailéim i bhfad ó bhaile. Is féidir libh adhradh anseo.’ Thosaigh na daoine ag adhradh an dá lao óir agus rinne siad dearmad ar Iehova arís.

“Ná téigí i bpáirtíocht éagothrom le díchreidmhigh. Cén pháirt atá ag an bhfíréantacht leis an urchóid? . . . Cén chuid atá ag an gcreidmheach leis an díchreidmheach?”—2 Corantaigh 6:14, 15