Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 46

Teist ar Shliabh Chairmeil

Teist ar Shliabh Chairmeil

Is iomaí droch-rí a bhí ar ríocht Iosrael, ach bhí Acháb ar dhuine de na ríthe ba mheasa acu. Phós sé drochbhean a bhíodh ag adhradh Bháil. Ízeibil an t-ainm a bhí uirthi. Chuir siad adhradh Bháil chun cinn ar fud Iosrael, agus mharaigh siad fáithe Iehova. Céard a rinne Iehova? Chuir sé an fáidh Éilias le teachtaireacht chuig Acháb.

Dúirt Éilias le Rí Acháb nach mbeadh deoir bháistí in Iosrael de bharr na ndrochrudaí a bhí sé a dhéanamh. Níor fhás dada ar feadh breis agus trí bliana agus bhí ocras ar na daoine. Níos déanaí, chuir Iehova Éilias ar ais go dtí Acháb. Dúirt an rí: ‘Is mór an trioblóid thú! Is tusa is cúis leis seo ar fad.’ D’fhreagair Éilias: ‘Ní mise is cúis leis an triomach. Is tú féin a tharraing ort é trína bheith ag adhradh Bháil. Is gearr go bhfaighidh muid amach cé hé an Fíor-Dhia. Bailigh na daoine agus fáithe Bháil le chéile ar bharr Shliabh Chairmeil.’

Dúirt Éilias leis na daoine a bhí bailithe le chéile ar an sliabh: ‘Déanaigí suas bhur n-intinn. Más é Iehova an Fíor-Dhia, leanaigí é. Más é Bál é, leanaigí eisean. Tá mé ag cur an dúshlán seo os bhur gcomhair. Réitíodh an 450 fáidh atá ag Bál íobairt, agus glaoidís ar a ndia. Réiteoidh mise íobairt agus glaofaidh mé ar Iehova. An té a fhreagróidh le tine, is é an Fíor-Dhia é.’ Ghlac na daoine leis seo.

Réitigh fáithe Bháil a n-íobairt. Chaith siad an lá go léir ag glaoch ar a ndia. ‘Ó a Bháil, freagair muid!’ Nuair nár fhreagair Bál, thosaigh Éilias ag magadh faoi. Dúirt sé: ‘Glaoigí in ard bhur gcinn. B’fhéidir gur thit sé ina chodladh, agus go dteastaíonn duine éigin lena dhúiseacht.’ Tháinig an tráthnóna, agus bhí fáithe Bháil fós ag glaoch. Ach ní raibh siad ag fáil aon fhreagra.

Chuir Éilias a íobairt ar an altóir agus bháigh sé le huisce í. Ansin ghuigh sé chuig Iehova: ‘A Iehova, taispeáin do na daoine gur tusa an Fíor-Dhia.’ Ar an bpointe boise, chaith Iehova tine anuas ó na flaithis agus loisc sé an íobairt. Bhéic na daoine: ‘Is é Iehova an Fíor-Dhia!’ Dúirt Éilias: ‘Ná ligigí d’fháithe Bháil éalú!’ Maraíodh an 450 fáidh a bhí ag Bál, an lá sin.

Nuair a tháinig scamall beag os cionn na farraige, dúirt Éilias le hAcháb: ‘Tá stoirm ag teacht. Cuir do chapall faoi do charbad agus téigh abhaile.’ Tháinig scamaill dhorcha sa spéir agus thosaigh an ghaoth ag séideadh, agus thosaigh sé ag tuile báistí. Bhí an triomach thart sa deireadh. Bhí Acháb ag imeacht ar nós lasrach ina charbad. Ach le cabhair Iehova, bhí Éilias in ann rith níos tapúla ná an carbad. Ach an raibh deireadh le fadhbanna Éilias? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Bíodh a fhios acu gur tú amháin an Tiarna [Iehova]; an Té is Airde os cionn an domhain go léir.”—Salm 83:19 (83:18 i mBíoblaí eile)