Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 47

Tugann Iehova Misneach d’Éilias

Tugann Iehova Misneach d’Éilias

Nuair a chuala Ízeibil faoin rud a tharla d’fháithe Bháil bhí sí ar buile. Chuir sí teachtaireacht chuig Éilias: ‘Beidh tú féin mín marbh amárach cosúil le fáithe Bháil.’ Bhuail eagla Éilias agus as go brách leis isteach sa bhfásach. Ghuigh sé: ‘A Iehova, níl mé in ann aige seo níos mó. Lig dom bás a fháil.’ Bhí Éilias maraithe tuirseach, agus thit sé ina chodladh faoi chrann.

Dhúisigh aingeal é agus dúirt sé go deas leis: ‘Éirigh agus ith.’ Chonaic Éilias arán agus crúsca uisce. D’ith sé agus d’ól sé agus chuaigh sé ar ais a chodladh. Dhúisigh an t-aingeal arís é agus dúirt: ‘Ith. Neartóidh sé thú i gcomhair do thurais.’ D’ith Éilias tuilleadh. Ansin thaistil sé ar feadh 40 lá agus 40 oíche go dtáinig sé go dtí Sliabh Horaeb. Chuaigh Éilias isteach i bpluais ansin agus chuaigh sé a chodladh. Ach labhair Iehova leis. Dúirt sé: ‘Céard atá tú a dhéanamh anseo Éilias?’ Dúirt Éilias: ‘Tá droim láimhe tugtha ag na hIosraeilítigh duit. Tá do chuid altóirí scriosta acu, agus do chuid fáithe maraithe acu. Agus tá siad ag iarraidh mise a mharú freisin.’

Dúirt Iehova leis: ‘Téigh agus seas ar an sliabh.’ Ar dtús, chuaigh siota gaoithe láidir thar an bpluais. Ina dhiaidh sin tharla crith talún, agus ansin tháinig tine. Ar deireadh, chuala Éilias guth ciúin réidh. Chlúdaigh sé a éadan lena chóta agus sheas sé taobh amuigh den phluais. Ansin d’fhiafraigh Iehova de cén fáth ar theith sé. D’fhreagair Éilias: ‘Níl fágtha ach mé.’ Ach dúirt Iehova leis: ‘Níl tú asat féin. Tá 7,000 in Iosrael atá fós do m’adhradh. Téigh agus déan fáithe d’Eilíseá i d’áit.’ D’imigh Éilias agus rinne sé mar a d’ordaigh Iehova dó. Meas tú nach dtabharfaidh Iehova cúnamh duitse freisin, má dhéanann tú an rud a iarrann sé ort? Cinnte tabharfaidh. Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile faoi eachtra a tharla nuair a bhí an triomach ann.

“Ná bígí imníoch faoi rud ar bith; ach cibé ní atá in easnamh oraibh cuirigí in iúl do Dhia é le hurnaí agus guí agus buíochas buan.”—Filipigh 4:6