Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 49

Gearrtar Pionós ar Dhrochbhanríon

Gearrtar Pionós ar Dhrochbhanríon

Bhí Rí Acháb in ann fíonghort le fear darbh ainm Nábót a fheiceáil, ó fhuinneog a pháláis in Izréil. Bhí Acháb ag iarraidh an fíonghort a cheannach ó Nábót. Ní dhíolfadh Nábót leis é, mar bhí sé in aghaidh Dlí Iehova talamh a bhí faighte ag duine mar oidhreacht a dhíol. An raibh ómós ag Acháb do Nábót faoi go ndearna sé an rud ceart? Ní raibh. Bhí Acháb ar buile. Le teann feirge dhiúltaigh sé a theacht amach as a sheomra codlata ná aon ghreim a ithe.

Dúirt a bhean, an Bhanríon Ízeibil leis: ‘Is tusa rí Iosrael. Is féidir leat rud ar bith atá uait a bheith agat. Gheobhaidh mise an talamh sin duit.’ Scríobh sí litreacha chuig seanóirí na cathrach, ag rá leo é a chur i leith Nábót gur pheacaigh sé in aghaidh Dé agus go raibh an bás tuillte aige. Rinne na seanóirí mar a d’iarr Ízeibil orthu, agus ina dhiaidh sin dúirt Ízeibil le hAcháb: ‘Tá Nábót marbh. Is leatsa an fíonghort anois.’

Níorbh é Nábót an t-aon dea-dhuine a dhúnmharaigh sí. Dhúnmharaigh Ízeibil go leor eile de shearbhóntaí Iehova. Bhíodh sí ag adhradh na n-íol agus ag déanamh drochrudaí eile. Chonaic Iehova na drochrudaí ar fad a rinne Ízeibil. Céard a dhéanfadh sé faoi?

Nuair a fuair Acháb bás, rinneadh rí dá mhac Iórám. Chuir Iehova fear darbh ainm Iéahú chun pionóis a ghearradh ar Ízeibil agus ar a clann.

Thiomáin Iéahú a charbad go dtí Izréil, an áit ina raibh Ízeibil ina cónaí. Tháinig Iórám amach ina charbad féin chun casadh le hIéahú, agus d’fhiafraigh sé de: ‘An bhfuil síocháin eadrainn?’ Dúirt Iéahú: ‘Ní bheidh aon síocháin ann fad is a bheidh do mháthair, Ízeibil, ag déanamh drochrudaí.’ Rinne Iórám iarracht imeacht ó Iéahú. Ach scaoil Iéahú saighead leis agus mharaigh sé é.

Ansin chuaigh Iéahú go dtí pálás Ízeibil. Nuair a chuala sí go raibh sé ag teacht, chuir sí smideadh uirthi féin agus chóirigh sí a cuid gruaige, agus d’fhan sí leis ag fuinneog uachtair an tí. Nuair a tháinig Iéahú chomh fada léi, labhair sí go mímhúinte leis. Bhéic Iéahú ar a cuid searbhóntaí a bhí ina seasamh lena taobh: ‘Caith anuas í!’ Chaith siad amach as an bhfuinneog í, buaileadh faoin talamh í agus maraíodh í.

Ina dhiaidh sin, mharaigh Iéahú clann mhac Acháb, 70 acu ar fad, agus chuir sé deireadh le hadhradh Bháil in Iosrael. An léir duit go bhfeiceann Iehova gach rud agus, ag an am cuí, go gcuireann sé pionós orthu siúd a dhéanann drochrudaí?

“Dúil san airgead is bun do gach olc.”—1 Tiomóid 6:10