Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 50

Cosnaíonn Iehova Iahóiseáfát

Cosnaíonn Iehova Iahóiseáfát

Thosaigh Iahóiseáfát ag rialú Iúdá. Scrios sé na haltóirí agus na híola a bhain le hadhradh Bháil. Bhí sé ag iarraidh go mbeadh dlíthe Iehova ar eolas ag na daoine. Mar sin chuir sé amach prionsaí agus Léivítigh ar fud Iúdá, chun dlíthe Dé a mhúineadh do na daoine.

Bhí eagla ar na náisiúin eile Iúdá a ionsaí, mar bhí a fhios acu go raibh Iehova ag tacú le hIúdá. Thug siad bronntanais chuig Rí Iahóiseáfát, fiú. Ach ansin, chuir na Móábaigh, na hAmónaigh, agus iad siúd i gceantar Shaeír, cogadh ar Iúdá. Bhí a fhios ag Iahóiseáfát go dteastódh cabhair Iehova uaidh. Bhailigh sé na fir, na mná agus na páistí le chéile in Iarúsailéim. Ghuigh sé chuig Iehova os a gcomhair, ag rá: ‘A Iehova, ní féidir linn an bua a bheith againn gan cabhair uaitse. Inis dúinn céard atá le déanamh againn, más é do thoil é.’

D’fhreagair Iehova: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Cabhróidh mise libh. Seasaigí an fód agus sábhálfaidh mise sibh.’ Cén chaoi ar shábháil Iehova iad?

An mhaidin dar gcionn, roghnaigh Iahóiseáfát amhránaithe agus dúirt sé leo máirseáil chun tosaigh ar an arm. Mháirseáil siad ó Iarúsailéim go dtí láthair an chatha, i dTeacóá.

Throid Iehova ar son a dhaoine agus na hamhránaithe ag moladh Dé os ard. Chuir sé mearbhall ar na hAmónaigh agus na Móábaigh agus thosaigh siad féin ag ionsaí a chéile. Níor tháinig duine amháin acu slán. Ach chosain Iehova muintir Iúdá, na saighdiúirí agus na sagairt. Chuaigh an scéal i bhfad agus i ngearr agus bhí a fhios ag na daoine a bhí ina gcónaí i dtíortha in aice láimhe go raibh Iehova fós ag cosaint a dhaoine. Cén chaoi a gcosnaíonn Iehova a dhaoine? Cosnaíonn sé iad ar go leor bealaí. Ní bhíonn Iehova ag brath ar chabhair dhaonna chun é sin a dhéanamh.

“Ní bheidh oraibh troid sa chath seo; téigí chun bhur láithreacha, seasaigí an fód, agus feicigí an bua atá i ndán daoibh ag an Tiarna.”—2 Croinicí 20:17