Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 51

An Laoch agus an Cailín Beag

An Laoch agus an Cailín Beag

Bhí cailín beag Iosraeilíteach ina cónaí san Arám (ar a dtugtar an tSiria inniu), áit a bhí i bhfad óna baile féin. D’fhuadaigh arm na hAráime í, agus thug siad mar shearbhónta í do bhean chéile Námán, ceannfort an airm. Lean an cailín beag uirthi ag adhradh Iehova, cé nach raibh na daoine a bhí thart uirthi á adhradh.

Bhí galar uafásach ar chraiceann Námán, agus bhí sé i bpian i gcónaí. Bhí an cailín beag ag iarraidh cabhrú leis. Dúirt sí le bean Námán: ‘Tá a fhios agamsa duine atá in ann cabhrú le d’fhear céile. Tá fáidh le hIehova in Iosrael, Eilíseá is ainm dó. Tá seisean in ann d’fhear céile a leigheas.’

D’inis bean Námán dá fear céile scéal an chailín bhig. Bhí sé sásta rud ar bith a dhéanamh chun leigheas a fháil, dá bhrí sin chuaigh sé go dtí Eilíseá in Iosrael. Bhí Námán ag súil go gcuirfeadh Eilíseá fáilte roimhe mar a chuirfí roimh dhuine mór le rá. Ach in áit labhairt leis go pearsanta, chuir Eilíseá a shearbhónta chuig Námán leis an teachtaireacht seo: ‘Téigh agus nigh thú féin in Abhainn na hIordáine seacht n-uaire. Ansin leigheasfar thú.’

Bhí an-díomá ar Námán. Dúirt sé: ‘Shíl mé go nglaofadh an fáidh seo ar a Dhia agus go leagfadh sé a lámha orm chun mé a leigheas. Ina áit sin, dúirt sé liom a dhul go dtí abhainn in Iosrael. Nach fearr go mór na haibhneacha atá againn san Arám? Cén fáth nach féidir liom dul ansin?’ D’fhág Námán teach Eilíseá agus olc air.

Ach chuir searbhóntaí Námán comhairle air. Dúirt siad leis: ‘Nach ndéanfá rud ar bith chun leigheas a fháil? Tá an rud a dúirt an fáidh seo leat an-éasca a dhéanamh. Cén fáth nach ndéanann tú é? D’éist Námán lena shearbhóntaí. Chuaigh sé go dtí Abhainn na hIordáine agus thum sé é féin san uisce seacht n-uaire. Tar éis an seachtú huair, tháinig Námán amach as an uisce agus é leigheasta. Bhí sé an-bhuíoch d’Eilíseá agus d’fhill sé chun a bhuíochas a chur in iúl dó. Dúirt Námán: ‘Tá a fhios agam anois gurb é Iehova an Fíor-Dhia.’ Meas tú cén chaoi ar mhothaigh an cailín beag Iosraeilíteach nuair a d’fhill Námán agus é leigheasta?

“As béal naíonán agus leanaí deoil bhain tú moladh amach duit féin.”—Matha 21:16