Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 52

Arm Iehova

Arm Iehova

Bhíodh Bein Hadad, rí na hAráime (ar a dtugtar an tSiria inniu), de shíor ag ionsaí Iosrael. Ach chuireadh an fáidh Eilíseá rí Iosrael ar an eolas agus bhíodh sé in ann éalú uaidh i gcónaí. Mar sin, shocraigh Bein Hadad Eilíseá a fhuadach. Fuair sé amach go raibh Eilíseá i gcathair Dhotáin agus chuir sé arm na hAráime ann chun é a ghabháil.

Tháinig na hArámaigh go dtí Dotán san oíche. An mhaidin dar gcionn, chuaigh searbhónta Eilíseá amach agus chonaic sé go raibh an chathair timpeallaithe ag arm mór. Bhí eagla an domhain air agus ghlaoigh sé: ‘Eilíseá, céard a dhéanfaidh muid?’ Dúirt Eilíseá leis: ‘Tá níos mó in éineacht linne ná mar atá leosan.’ Ansin, thaispeáin Iehova do shearbhónta Eilíseá go raibh na sléibhte timpeall na cathrach lán le capaill agus carbaid tine.

Nuair a rinne arm na hAráime iarracht Eilíseá a ghabháil, ghuigh sé: ‘A Iehova, le do thoil, déan dall iad.’ Go tobann, ní raibh a fhios ag na saighdiúirí cá raibh siad, cé go raibh siad in ann feiceáil. Dúirt Eilíseá leis na saighdiúirí: ‘Tá sibh sa gcathair mhícheart. Leanaigí mise, tabharfaidh mé sibh go dtí an fear a bhfuil sibh sa tóir air.’ Lean siad Eilíseá go dtí an tSamáir, an áit a raibh rí Iosrael ina chónaí.

Nuair a thuig siad cá raibh siad, bhí sé ró-dheireanach. D’fhiafraigh rí Iosrael d’Eilíseá: ‘An maróidh mé iad?’ Ar bhain Eilíseá díoltas amach ar na daoine seo a bhí ag iarraidh é a ghortú? Níor bhain. Dúirt Eilíseá: ‘Ná maraigh iad. Tabhair béile dóibh, agus scaoil leo.’ Mar sin, rinne an rí féasta mór dóibh agus chuir sé abhaile iad.

“Seo í an mhuinín atá againn ina leith, cibé céard a agraímid air de réir a thola go n-éisteann linn.”—1 Eoin 5:14