Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 58

Scriostar Iarúsailéim

Scriostar Iarúsailéim

Arís agus arís eile, d’fhág muintir Iúdá Iehova agus thosaigh siad ag adhradh déithe bréige. Rinne Iehova tréaniarracht cabhrú leo ar feadh na mblianta. Chuir sé cuid mhaith fáithe chucu chun comhairle a chur orthu, ach rinne muintir Iúdá ceap magaidh díobh agus níor éist siad leo. Cén chaoi ar chuir Iehova deireadh lena gcuid íoladhradh?

Bhí rí na Bablóine ag cur náisiúin faoi chois, ceann i ndiaidh a chéile. An chéad uair ar chloígh sé Iarúsailéim ghabh sé an rí, Iahóiácaím, na prionsaí, na laochra agus na ceardaithe, agus thug sé go dtí an Bhablóin iad go léir. Chomh maith leis sin thóg sé na seoda go léir a bhí i dteampall Iehova. Ansin cheap Nabúcadnazar Zidicíá ina rí ar Iúdá.

Bhí Zidicíá umhal do Nabúcadnazar ar dtús. Ach mhol na náisiúin a bhí in aice láimhe agus na fáithe bréige do Zidicíá éirí amach in aghaidh na Bablóine. Dúirt Irimia leis: ‘Má éiríonn tú amach in aghaidh na Bablóine, beidh marú, gorta agus galair in Iúdá.’

Tar éis dó ocht mbliana a bheith caite mar rí aige, d’éirigh Zidicíá amach in aghaidh na Bablóine. D’iarr sé ar arm na hÉigipte cabhrú leis. Ansin chuir Nabúcadnazar a arm chuig Iarúsailéim chun í a ionsaí, agus champáil siad mórthimpeall na cathrach. Dúirt Irimia le Zidicíá: ‘Seo mar a deir Iehova: “Má ghéilleann tú do na Bablónaigh, sábhálfar thú féin agus an chathair. Ach mura ngéilleann tú, dófaidh na Bablónaigh Iarúsailéim go talamh agus tógfaidh siad thú mar phríosúnach.”’ Dúirt Zidicíá: ‘Ní ghéillfidh mé!’

Bliain go leith ina dhiaidh sin, leag arm na Bablóine ballaí Iarúsailéim agus chuir siad an chathair trí thine. Dhóigh siad an teampall, mharaigh siad go leor daoine, agus thóg siad na mílte duine mar phríosúnaigh.

D’éalaigh Zidicíá as Iarúsailéim, ach lean na Bablónaigh é. Ghabh siad é in aice le hIreachó agus thug siad chuig Nabúcadnazar é. Chuir rí na Bablóine a chlann mhac chun báis os comhair a dhá shúil. Ansin bhain Nabúcadnazar radharc na súl de Zidicíá agus chuir sé i bpríosún é, áit a bhfuair sé bás. Ach gheall Iehova do mhuintir Iúdá: ‘Tabharfaidh mé abhaile go hIarúsailéim sibh, nuair a bheidh 70 bliain caite.’

Céard a tharlódh do na daoine óga a tugadh go dtí an Bhablóin mar phríosúnaigh? An bhfanfaidís dílis d’Iehova?

“A Thiarna Dia, a Uilechumhachtaigh, is fíor agus is cóir iad do bhreitheanna!”—Apacailipsis 16:7