Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 65

Sábhálann Eistir Pobal Dé

Sábhálann Eistir Pobal Dé

Ba chailín Giúdach í Eistir a bhí ina cónaí i gcathair Shúsa, sa bPeirs. D’fhuadaigh Nabúcadnazar a clann ó Iarúsailéim, blianta fada roimhe seo. Ba é a col ceathar, Mordacaí, a thóg í. Bhí Mordacaí ina shearbhónta ag Aisiuéaróis, rí na Peirse.

Theastaigh banríon nua ó Rí Aisiuéaróis. Thug a chuid searbhóntaí na mná ab áille sa tír chuige. Bhí Eistir ar dhuine acu. Roghnaigh an rí ise le bheith ina banríon. Dúirt Mordacaí le hEistir gan a insint do dhuine ar bith gur Ghiúdach ab ea í.

Bhí fear uaibhreach darbh ainm Hámán, i gceannas na bprionsaí. Theastaigh uaidh go n-umhlódh gach duine síos roimhe. Dhiúltaigh Mordacaí é sin a dhéanamh. Chuir sé seo fearg ar Hámán agus bhí sé ag iarraidh Mordacaí a mharú. Nuair a fuair Hámán amach gur Ghiúdach ab ea Mordacaí, bheartaigh sé na Giúdaigh go léir a bhí sa tír a mharú. Dúirt sé leis an rí: ‘Tá na Giúdaigh contúirteach, caithfidh tú fáil réidh leo.’ Dúirt Aisiuéaróis: ‘Déan do rogha rud leo,’ agus thug sé an chumhacht dó dlí nua a dhéanamh. Rinne Hámán dlí nua ag tabhairt cead do na daoine na Giúdaigh a mharú ar an 13ú lá de mhí Adár. Bhí Iehova ag faire.

Ní raibh a fhios ag Eistir dada faoin dlí seo. Mar sin chuir Mordacaí cóip den dlí chuici agus dúirt sé léi: ‘Téigh go dtí an rí agus labhair leis.’ Dúirt Eistir: ‘Duine ar bith a théann i láthair an rí gan chuireadh, marófar é. Ní bhfuair mé aon chuireadh uaidh le 30 lá. Ach rachaidh mé chuige. Má shíneann sé amach an tslat ríoga tiocfaidh mé slán. Mura síneann, gheobhaidh mé bás.’

Chuaigh Eistir isteach i gclós an rí. Nuair a chonaic an rí í, shín sé an tslat ríoga ina treo. Chuaigh sí chomh fada leis, agus d’fhiafraigh sé di; ‘Céard atá mé in ann a dhéanamh duit, a Eistir?’ Dúirt sí: ‘Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt duit féin agus do Hámán chuig féasta.’ Nuair a bhí siad ag an bhféasta, thug Eistir cuireadh dóibh chuig féasta eile. Le linn an dara féasta, d’fhiafraigh an rí arís di: ‘Céard atá mé in ann a dhéanamh duit?’ Dúirt sí: ‘Tá duine éigin ag dul mé féin agus mo dhaoine a mharú. Sábháil muid, más é do thoil é.’ D’fhiafraigh an rí: ‘Cé atá ag iarraidh thú a mharú?’ Dúirt sí: ‘An drochfhear seo Hámán.’ Bhí Aisiuéaróis chomh feargach gur chuir sé Hámán chun báis láithreach.

Ach ní raibh duine ar bith, fiú amháin an rí féin, in ann an dlí a rinne Hámán a chur ar ceal. Mar sin, chuir Aisiuéaróis Mordacaí i gceannas na bprionsaí agus thug sé an chumhacht dó dlí eile a dhéanamh. Rinne Mordacaí dlí ag tabhairt cead do na Giúdaigh iad féin a chosaint nuair a dhéanfaí ionsaí orthu. Chloígh na Giúdaigh a naimhde ar an 13 Adár. Dhéanadh na Giúdaigh ceiliúradh ar an mbua seo gach bliain, as sin amach.

“Seolfar i láthair gobharnóirí agus ríthe sibh mar gheall ormsa chun fianaise a thabhairt os a gcomhair agus os comhair na ngintlithe.”—Matha 10:18