Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 66

Mhúin Eazrá Dlí Dé

Mhúin Eazrá Dlí Dé

Bhí sé tuairim is 70 bliain ó chuaigh formhór na nIosraeilíteach ar ais go hIarúsailéim, ach bhí cuid acu fós ag maireachtáil in áiteanna éagsúla in Impireacht na Peirse. Bhí Eazrá an sagart, a bhíodh ag múineadh dlí Iehova, ar dhuine acu. Fuair Eazrá amach nach raibh na daoine in Iarúsailéim ag coinneáil Dlí Dé agus bhí sé de rún aige cabhrú leo. Dúirt rí na Peirse, Artaxarxaes leis: ‘Thug Dia eagna duit ionas go mbeifeá in ann a dhlíthe a mhúineadh. Téigh agus tabhair leat aon duine atá sásta a dhul in éineacht leat.’ Chas Eazrá le gach duine a bhí ag iarraidh filleadh ar Iarúsailéim. Ghuigh siad chuid Iehova agus d’iarr siad air iad a choinneáil slán. Ansin thosaigh siad ar an aistear.

Ceithre mhí ina dhiaidh sin, shroich siad Iarúsailéim. Dúirt na prionsaí a bhí ansin le hEazrá: ‘Tá go leor de na hIosraeilítigh pósta le mná a bhíonn ag adhradh déithe bréige.’ Céard a rinne Eazrá? Chuaigh sé síos ar a ghlúine os comhair na ndaoine agus ghuigh sé: ‘Ó a Iehova, tá an oiread déanta agat ar ár son, ach pheacaigh muid i do choinne.’ Rinne na daoine aithrí, ach theastaigh cabhair uathu chun an rud ceart a dhéanamh. Roghnaigh Eazrá seanóirí agus breithiúna chun an scéal a fhiosrú. De réir a chéile, thar tréimhse trí mhí, scaoileadh chun bealaigh iad siúd nach raibh ag adhradh Iehova.

Chuaigh dhá bhliain déag thart. Idir an dá linn, atógadh ballaí Iarúsailéim. Bhailigh Eazrá na daoine le chéile sa gcearnóg phoiblí agus léigh sé Dlí Dé dóibh. Nuair a d’oscail Eazrá an leabhar sheas na daoine suas. Mhol sé Iehova, agus d’ardaigh na daoine a lámha ag aontú leis. Ansin léigh agus mhínigh Eazrá an Dlí, agus d’éist na daoine go cúramach. D’admhaigh siad go ndeachaigh siad ar seachrán ó Iehova arís, agus chaoin siad. An lá dar gcionn, léigh Eazrá cuid eile den Dlí dóibh. Fuair siad amach gur gearr go mbeadh sé in am Féile na dTaibearnacal a cheiliúradh. Thosaigh siad ag réiteach don fhéile.

Le linn seacht lá na féile, bhí ríméad ar na daoine agus ghabh siad buíochas le hIehova faoin bhfómhar maith a bhí acu. Ní raibh Féile Taibearnacal mar é acu ó aimsir Iósua. Tar éis na féile, bhailigh na daoine le chéile agus ghuigh siad: ‘A Iehova, shábháil tú ón sclábhaíocht muid, bheathaigh tú sa bhfásach muid, agus thug tú dúinn an tír álainn seo. Ach arís agus arís eile, bhí muid easumhal duit. Chuir tú fáithe chugainn chun fainic a chur orainn ach níor éist muid leo. Mar sin féin, bhí tú foighneach. Choinnigh tú an gealltanas a thug tú d’Abrahám. Geallann muid anois go mbeidh muid umhal duit.’ Scríobh siad síos a ngealltanas, agus chuir na prionsaí, na sagairt, agus na Léivítigh a séala air.

“Is mó is méanar dóibh seo a chluineann briathar Dé agus a choimeádann é.”—Lúcás 11:28