Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 68

Rugadh Mac d’Eiliosaibeit

Rugadh Mac d’Eiliosaibeit

Mhair sagart darbh ainm Zachairias agus a bhean Eiliosaibeit in aice Iarúsailéim, 400 bliain tar éis atógáil bhallaí na cathrach. Bhí siad pósta le blianta fada ach ní raibh aon chlann orthu. Lá amháin nuair a bhí Zachairias ag ofráil túise i sanctóir an teampaill, tháinig an t-aingeal Gaibriéil ina láthair. Bhí eagla ar Zachairias, ach dúirt Gaibriéil leis: ‘Ná bíodh eagla ort. Tá dea-scéala agam duit ó Iehova. Beidh mac ag do bhean, Eiliosaibeit, agus tabharfar Eoin mar ainm air. Tá Eoin roghnaithe ag Iehova chun obair speisialta a dhéanamh.’ D’fhiafraigh Zachairias: ‘Cén chaoi ar féidir liom é sin a chreidiúint? Tá mé féin agus mo bhean ró-shean le leanbh a bheith againn.’ Dúirt Gaibriéil leis: ‘Is é Dia a chuir chugat mé leis an teachtaireacht seo. Ach de bhrí nár chreid tú mé, ní bheidh tú in ann labhairt nó go saolófar an leanbh.’

D’fhan Zachairias sa sanctóir níos faide ná ba ghnáth. Nuair a tháinig sé amach, bhí na daoine a bhí ag fanacht leis taobh amuigh ag iarraidh a fháil amach céard a tharla. Ní raibh Zachairias in ann labhairt. Ní raibh aige ach comharthaí láimhe. Sin é an uair a thuig na daoine go raibh teachtaireacht ó Dhia faighte ag Zachairias.

In am tráth, rugadh buachaill beag d’Eiliosaibeit, díreach mar a dúirt an t-aingeal. Tháinig a cairde agus a gaolta chun an leanbh a fheiceáil. Bhí an-ríméad orthu. Dúirt Eiliosaibeit: ‘Eoin a bheidh mar ainm air.’ Dúirt siadsan: ‘Níl aon duine de do ghaolta a bhfuil an t-ainm sin air. Tabhair Zachairias air, i ndiaidh a athar.’ Ach scríobh Zachairias: ‘Eoin is ainm dó.’ Ar an bpointe sin, tháinig an chaint ar ais do Zachairias! Scaip an scéal faoin leanbh seo ar fud Iúdáia, agus bhí daoine ag fiafraí: ‘Céard atá i ndán don leanbh seo?’

Ansin faoi thionchar an spioraid naoimh, thuar Zachairias: ‘Moladh go deo le hIehova. Gheall sé d’Abrahám go gcuirfeadh sé slánaitheoir, an Meisias, chugainn. Beidh Eoin ina fháidh, agus réiteoidh sé an bealach don Mheisias.’

Tharla rud speisialta freisin do Mhuire, bean gaoil le hEiliosaibeit. Gheobhaidh muid amach faoi sin sa gcéad scéal eile.

“Tá sé seo dodhéanta ag daoine, ach tá an uile ní sodhéanta ag Dia.”—Matha 19:26