Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 70

Fógraíonn na hAingil Breith Íosa

Fógraíonn na hAingil Breith Íosa

D’ordaigh Céasar Agust, Impire na Róimhe, do na Giúdaigh filleadh ar a mbailte dúchais chun a bheith cláraithe. Mar sin, chuaigh Iósaef agus Muire go Beithil, an áit arbh as teaghlach Iósaef. Bhí Muire beagnach réidh le haghaidh an leanbh a thabhairt ar an saol.

Nuair a tháinig siad go Beithil, ní raibh siad in ann aon lóistín a fháil seachas stábla. Ba ansin a saolaíodh Íosa. Chas Muire éadach bog air agus leag sí i mainséar é.

Bhí roinnt aoirí in aice le Beithil a bhí ag caitheamh na hoíche taobh amuigh, ag fosaíocht a dtréada. Go tobann, sheas aingeal os a gcomhair agus shoilsigh glóir Iehova ina dtimpeall. Bhí eagla ar na haoirí, ach dúirt an t-aingeal: ‘Ná bíodh eagla oraibh. Tá scéal iontach agam. Rugadh an Meisias inniu i mBeithil.’ Ag an bpointe sin bhí go leor aingil le feiceáil sa spéir agus iad ag rá: ‘Glóir do Dhia ar neamh, agus síocháin ar an talamh.’ Ansin d’imigh na haingil as a n-amharc. Céard a rinne na haoirí?

Dúirt na haoirí lena chéile: ‘Rachaidh muid go Beithil anois díreach.’ D’imigh siad leo agus fuair siad Iósaef agus Muire agus an leanbh nuabheirthe sa stábla.

Bhí an-iontas ar gach duine a chuala faoin méid a dúirt na haingil leis na haoirí. Rinne Muire machnamh domhain ar an méid a dúirt an t-aingeal, agus choinnigh sí ina croí é. Chuaigh na haoirí ar ais go dtína dtréada agus iad ag glacadh buíochais le hIehova faoin méid a chuala siad agus a chonaic siad.

“Is ó Dhia a ghluais mé agus a tháinig mé; mar ní uaim féin a tháinig mé, ach chuir seisean uaidh mé.”—Eoin 8:42