Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 72

An Buachaill Íosa

An Buachaill Íosa

Bhí Iósaef agus Muire ina gcónaí i Nazarat in éineacht le hÍosa agus a chuid deirfiúracha agus a chuid deartháireacha. Bhíodh Iósaef ag obair mar shiúinéir, agus bhíodh sé ag múineadh dá chlann i dtaobh Iehova agus a Dhlí. Théadh an chlann go dtí an tsionagóg go rialta, agus théidís go hIarúsailéim gach bliain chun Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh.

Nuair a bhí Íosa 12 bhliain d’aois, chuaigh a chlann ar an turas fada go hIarúsailéim mar ba ghnáth leo. Bhí an chathair plódaithe le daoine a bhí tagtha le haghaidh Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh. Nuair a bhí Iósaef agus Muire ar an mbealach abhaile, cheap siad go raibh Íosa i measc an chomhluadair. Ach nuair a chuaigh siad sa tóir air i measc a ngaolta ní raibh siad in ann é a fháil.

Mar sin d’fhill siad ar Iarúsailéim, agus chaith siad trí lá á chuardach. Sa deireadh, chuaigh siad go dtí an teampall. Bhí Íosa ansin, ina shuí i measc na múinteoirí, ag éisteacht go cúramach agus ag cur ceisteanna orthu. Chuaigh sé i gcion chomh mór sin ar na múinteoirí gur thosaigh siadsan ag cur ceisteanna ar Íosa. Chuir a chuid freagraí iontas orthu. Ba léir dóibh go raibh tuiscint aige ar Dhlí Iehova.

Bhí an-imní ar Iósaef agus ar Mhuire. Dúirt Muire: ‘A mhic, bhí muid ar do thóir i ngach áit. Cá raibh tú?’ Dúirt Íosa: ‘Nach raibh a fhios agaibh go raibh orm a bheith anseo i dteach m’athar?’

Chuaigh Íosa abhaile lena thuismitheoirí go Nazarat. Mhúin Iósaef ceird na siúinéireachta d’Íosa. Meas tú cén sórt duine a bhí in Íosa nuair a bhí sé ina fhear óg? De réir mar a bhí sé ag dul in aois, mhéadaigh ar eagna Íosa agus ar an ngnaoi a bhí ag Dia agus ag daoine air.

“A Dhia, is áil liom do dhlí i ndiamhair mo chroí.”—Salm 40:9 (40:8 i mBíoblaí eile)