Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 74

Baisteann Eoin Íosa

Baisteann Eoin Íosa

Bhí Eoin ag fógairt: ‘Tá duine ag teacht ar mó le rá é ná mise.’ Nuair a bhí Íosa thart ar 30 bliain d’aois, tháinig sé ón nGailíl go dtí Abhainn na hIordáine, áit a raibh Eoin ag baisteadh daoine. D’iarr Íosa ar Eoin é a bhaisteadh, ach dúirt Eoin leis: ‘Cén fáth a mbaistfeadh mise thusa? Nach leatsa mise a bhaisteadh.’ Dúirt Íosa le hEoin: ‘Tá Iehova ag iarraidh ort mé a bhaisteadh.’ Mar sin chuaigh siad amach in Abhainn na hIordáine, agus thum Eoin Íosa faoin uisce.

Tar éis d’Íosa a theacht aníos as an uisce, dúirt sé paidir. D’oscail na flaithis, agus tháinig spiorad Dé anuas air i riocht choilm. Ansin labhair Iehova ó na flaithis: “Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.”

Nuair a tháinig spiorad Iehova anuas ar Íosa déanadh an Críost, nó an Meisias, de. Bhí sé réidh chun tosú ar an obair a bhí leagtha amach ag Iehova dó.

Díreach tar éis a bhaiste, chaith Íosa 40 lá sa bhfásach. Nuair a d’fhill sé thug sé cuairt ar Eoin. Nuair a chonaic Eoin Íosa ag teacht ina threo, dúirt sé: “Seo é Uan Dé a thógann peaca an domhain.” Bhí Eoin ag tabhairt le fios do na daoine gurbh é Íosa an Meisias. An bhfuil a fhios agat céard a tharla d’Íosa nuair a bhí sé sa bhfásach? Gheobhaidh muid amach sa gcéad scéal eile.

“Tháinig glór ó na flaithis: ‘Is tú mo Mhac muirneach; is duit a thug mé gnaoi.’”—Marcas 1:11