Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 75

Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa

Cuireann an Diabhal Cathú ar Íosa

Tar éis a bhaiste, threoraigh an spiorad naomh Íosa amach sa bhfásach. Níor ith sé dada ar feadh 40 lá agus bhí an-ocras air. Ansin tháinig an Diabhal agus chuir sé cathú ar Íosa, ag rá: ‘Más tú Mac Dé déan arán de na clocha seo.’ Ach d’fhreagair Íosa: ‘Tá sé scríofa nach ar arán amháin a mhaireann an duine. Ach ar gach uile fhocal a thagann as béal Iehova.’

Ansin thug an Diabhal dúshlán Íosa, ag rá: ‘Más tú Mac Dé, caith síos tú féin de bharr an teampaill. Mar tá sé scríofa go gcuirfidh Dia a chuid aingil chun thú a shábháil.’ Ach d’fhreagair Íosa: ‘Tá sé scríofa nach bhfuil sé ceart teist a chur ar Iehova.’

Ansin, thaispeáin Sátan ríochtaí an domhain, a saibhreas agus a nglóir d’Íosa, agus dúirt: ‘Tabharfaidh mé duit na ríochtaí seo uile agus a nglóir má umhlaíonn tú síos agus mé a adhradh.’ Ach d’fhreagair Íosa: ‘Imigh leat a Shátain! Mar tá sé scríofa gurb é Iehova amháin is ceart a adhradh.’

Ansin d’imigh an Diabhal leis, agus tháinig aingil agus thug siad bia le hithe d’Íosa. As sin amach, chraobhscaoil Íosa dea-scéal na Ríochta. Is chun an obair seo a dhéanamh a chur Dia ar an talamh é. Thaitin a theagasc leis na daoine agus lean siad Íosa pé áit a ndeachaigh sé.

“Nuair a labhraíonn [an Diabhal] an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.”—Eoin 8:44