Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 76

Dúthracht Íosa do Theach a Athar

Dúthracht Íosa do Theach a Athar

In earrach na bliana 30 CR, chuaigh Íosa go dtí Iarúsailéim. Bhí slua mór tagtha go dtí an chathair sin chun Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh. Mar chuid den cheiliúradh dhéanaidís ainmhithe a íobairt ag an teampall. Thugadh cuid de na daoine na hainmhithe leo, agus cheannaíodh cuid eile acu na hainmhithe in Iarúsailéim.

Nuair a chuaigh Íosa go dtí an teampall chonaic sé daoine ag díol ainmhithe ann. Bhí siad ag déanamh airgid dóibh féin i dteach adhartha Iehova! Céard a cheap Íosa faoi seo? Rinne sé fuip as rópaí agus thiomáin sé na caoirigh agus na beithígh amach as an teampall. Leag sé boird agus chaith sé an t-airgead ar an talamh. Dúirt Íosa leo siúd a bhí ag díol na gcolm: ‘Tógaigí na rudaí sin as an áit seo! Ná bígí ag déanamh ionad margaidh de theach m’Athar!’

Chuir an rud a rinne Íosa ag an teampall an-iontas ar dhaoine. Chuimhnigh a dheisceabail ar an méid a bhí tuartha faoin Meisias: ‘Beidh mé lán de dhúthracht do theach Iehova.’

Níos déanaí sa mbliain 33 CR ghlan sé an teampall den dara huair. Ní ligfeadh sé do dhuine ar bith aon rud a dhéanamh a léireodh dímheas ar theach a Athar.

“Ní féidir daoibh Dia a riaradh agus an t-airgead.”—Lúcás 16:13