Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 78

Íosa ag Fógairt Dhea-Scéal na Ríochta

Íosa ag Fógairt Dhea-Scéal na Ríochta

Go gairid tar éis a bhaiste, thosaigh Íosa ag craobhscaoileadh: ‘Tá Ríocht Dé i ngar.’ Thaistil sé ar fud na Gailíle agus Iúdáia agus lean na sluaite é. Nuair a d’fhill sé ar a bhaile dúchais Nazarat, chuaigh sé go dtí an tsionagóg, d’oscail sé scrolla Íseáia agus léigh sé os ard: ‘Chuir Iehova a spiorad orm ionas go mbeinn in ann an dea-scéal a chraobhscaoileadh.’ Céard a bhí i gceist aige? Cé go raibh Íosa in ann míorúiltí a dhéanamh, ba í an phríomhchúis ar cuireadh an spiorad naomh air ná chun go mbeadh sé in ann an dea-scéal a chraobhscaoileadh. Ansin dúirt sé leis an lucht éisteachta: ‘Tá an tairngreacht seo comhlíonta inniu.’

Ansin chuaigh Íosa go dtí Muir na Gailíle, áit ar chas sé le ceathrar dá chuid deisceabail, a bhí ag iascach. Thug sé cuireadh dóibh, ag rá: ‘Tagaigí liomsa, agus beidh sibh ag iascach daoine.’ Ba iad sin, Peadar, Aindrias, Séamas, agus Eoin. D’fhág siad a gnó iascaireachta láithreach agus lean siad é. Chuaigh siad ar fud na Gailíle, ag craobhscaoileadh faoi Ríocht Iehova. Chraobhscaoil siad sna sionagóga, sna margaí, agus sna sráideanna. Lean slua mór iad, pé áit a ndeachaigh siad. Scaip cáil Íosa i bhfad is i ngearr, fiú chomh fada leis an tSír (ar a dtugtar an tSiria inniu.)

In am tráth, thug Íosa an chumhacht dá lucht leanúna daoine a leigheas agus na deamhain a chaitheamh amach. Chuaigh daoine eile in éineacht leis agus é ag craobhscaoileadh ó bhaile go baile agus ó chathair go cathair. Thug roinnt mná dílse, ina measc Máire Mhaigdiléana, Ióanna, agus Súsanna, aire d’Íosa agus dá lucht leanúna.

Tar éis d’Íosa oiliúint a chur ar a chuid deisceabail, chuir sé amach ag craobhscaoileadh iad. De réir mar a bhí siad ag taisteal ar fud na Gailíle, rinneadh deisceabail de go leor daoine eile agus baisteadh iad. Bhí an oiread sin daoine ag iarraidh a bheith ina ndeisceabail ag Íosa gur chuir sé i gcomparáid iad le fómhar a bhí réidh le baint. Dúirt sé: ‘Guígí chuig Iehova go gcuirfidh sé tuilleadh daoine chugainn chun an fómhar a bhaint.’ Ina dhiaidh sin, roghnaigh sé 70 dá chuid deisceabail agus chuir sé amach ina mbeirteanna iad ag craobhscaoileadh an dea-scéil mórthimpeall Iúdáia. Mhúin siad do gach sórt duine faoi Ríocht Dé. Nuair a d’fhill na deisceabail ar Íosa, bhí siad ar bís ag insint dó faoi na rudaí a tharla. Ní raibh an Diabhal in ann an craobhscaoileadh a stopadh.

Chinntigh Íosa go leanfadh a chuid deisceabail den obair thábhachtach seo tar éis dó féin filleadh ar neamh. Dúirt sé leo: ‘Craobhscaoiligí an dea-scéal ar fud na cruinne. Múin Briathar Dé do dhaoine agus baist iad.’

“Ní foláir dom dea-scéal ríocht Dé a fhógairt do na cathracha eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.”—Lúcás 4:43a (4:43 i mBíoblaí eile)