Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 79

Déanann Íosa go Leor Míorúiltí

Déanann Íosa go Leor Míorúiltí

Tháinig Íosa go dtí an talamh chun an dea-scéal faoi Ríocht Dé a chraobhscaoileadh. Chuir Iehova ar a chumas míorúiltí a dhéanamh, a bheadh mar bhlaiseadh beag de na rudaí a dhéanfadh sé nuair a bheadh sé ina Rí. Bhí sé in ann gach tinneas a leigheas. Cibé áit a ndeachaigh sé, tháinig daoine tinne chuige agus leigheas sé iad. Bhí amharc ag na daoine dalla, bhí éisteacht ag na daoine bodhra, bhí siúl ag na pairilisigh, agus bhí faoiseamh ag an dream a bhí faoi smacht na ndeamhan. Fiú mura ndéanfaidís ach lámh a leagan ar imeall a chuid éadaí, leigheasfaí iad. Lean daoine Íosa cibé áit a ndeachaigh sé. Níor dhiúltaigh sé d’aon duine riamh, fiú nuair a bhí fonn air a bheith ina aonar.

Uair amháin thug daoine fear a bhí ina phairiliseach go dtí an teach a raibh Íosa ag fanacht ann. Ach bhí an teach plódaithe le daoine agus ní raibh siad in ann dul isteach. Mar sin rinne siad poll sa díon agus d’ísligh siad an fear síos go dtí Íosa. Ansin dúirt Íosa leis an bhfear: ‘Éirigh agus siúil.’ Nuair a shiúil an fear, rinne na daoine an-iontas dó.

Uair eile, nuair a bhí Íosa ag dul isteach i mbaile áirithe, bhí deichniúr lobhar ina seasamh píosa uaidh agus bhéic siad air: ‘A Íosa, cabhraigh linn!’ Sna laethanta sin, ní raibh cead ag lobhair a theacht i ngar do dhaoine eile. Dúirt Íosa leis na fir a dhul go dtí an teampall, mar de réir Dlí Iehova, sin é a bhí le déanamh acu tar éis leigheas a fháil. Ar a mbealach go dtí an teampall, leigheasadh iad. Nuair a thug duine de na lobhair faoi deara go raibh sé leigheasta, chuaigh sé ar ais chun buíochas a ghlacadh le hÍosa agus chun glóir a thabhairt do Dhia. Ba é seo an t-aon duine den deichniúr a ghlac buíochas le hÍosa.

Bhí bean ann a bhí tinn ar feadh 12 bhliain agus bhí sí in anchaoi ag cuardach leighis. Tháinig sí suas le hÍosa sa slua agus rug sí ar íochtar a chóta. Leigheasadh láithreach í. Nuair a tharla sé sin, d’fhiafraigh Íosa: ‘Cé a leag lámh orm?’ Bhí eagla ar an mbean ach labhair sí amach agus d’inis sí an fhírinne. Labhair Íosa go deas léi ag rá: ‘A iníon, imigh leat faoi shíocháin.’

D’impigh oifigeach darbh ainm Iáras ar Íosa: ‘Tar go dtí mo theach! Tá m’iníon an-tinn.’ Ach sular shroich Íosa teach Iáras, fuair an cailín bás. Nuair a tháinig Íosa, chonaic sé go raibh go leor daoine tagtha le comhbhrón a dhéanamh leis an gclann. Dúirt Íosa leo: ‘Ná bígí ag caoineadh, níl sí ach ina codladh.’ Ansin rug sé ar lámh an chailín bhig agus dúirt: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!” Dhírigh sí aniar láithreach, agus dúirt Íosa lena tuismitheoirí rud éigin le hithe a thabhairt di. Meas tú cén chaoi ar mhothaigh a cuid tuismitheoirí?

“Choisric Dia é leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht; mar a chuaigh sé timpeall na tíre ag déanamh na maitheasa agus ag leigheas gach duine a bhí faoi smacht an diabhail, mar go raibh Dia fairis.”—Gníomhartha 10:38