Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 81

An tSeanmóir ar an Sliabh

An tSeanmóir ar an Sliabh

Tar éis d’Íosa an 12 aspal a roghnú, tháinig sé anuas den sliabh go dtí áit ina raibh slua mór bailithe le chéile. Bhí siad tagtha ann ón nGailíl, Iúdáia, ón Tuír, Síodón, agus ón taobh eile den Iordáin. Thug siad leo daoine a bhí go dona tinn agus daoine eile a bhí á gciapadh ag na deamhain. Leigheas Íosa iad go léir. Ansin shuigh sé síos ar thaobh an tsléibhe agus thosaigh sé ag caint. Mhínigh sé céard a chaithfeadh muid a dhéanamh más mian linn a bheith inár gcairde ag Dia. Ní mór dúinn a thuiscint go gcaithfidh muid brath go hiomlán ar Iehova agus foghlaim le grá a bheith againn dó. Ach ní féidir linn grá a bheith againn do Dhia mura bhfuil grá againn do dhaoine eile. Caithfidh muid a bheith cineálta agus féaráilte le gach duine, fiú amháin lenár naimhde.

Dúirt Íosa: ‘Ní leor é go mbeadh grá agat do do chairde amháin. Ní mór duit grá a bheith agat do do naimhde chomh maith, agus maithiúnas a thabhairt ó chroí. Má tá cúis ghearáin ag duine éigin i d’aghaidh, téigh chuige láithreach agus gabh do leithscéal. Caith le daoine mar ba mhian leatsa go gcaithfidís leat.’

Chuir Íosa comhairle mhaith ar dhaoine faoi nithe saolta freisin. Dúirt sé: ‘Tá sé i bhfad níos tábhachtaí a bheith i do chara ag Iehova ná go leor airgid a bheith agat. Is féidir le gadaí do chuid airgid a ghoid, ach ní féidir le haon duine do chairdeas le hIehova a ghoid. Stopaigí ag déanamh imní faoi bhia, deoch agus éadaí. Féach ar na héin. Déanann Dia cinnte go bhfuil a ndóthain le hithe acu. Ní chuirfidh imní aon lá amháin le fad do shaoil. Cuimhnigh go bhfuil a fhios ag Iehova go bhfuil gá agaibh leis na rudaí sin ar fad.’

Níor chuala na sluaite aon duine riamh ag labhairt mar a rinne Íosa. Ní raibh na rudaí seo múinte ag na ceannairí reiligiúnacha dóibh. Cén fáth a raibh Íosa chomh maith sin ag múineadh? Mar gur tháinig gach ar mhúin sé ó Iehova.

“Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha.”—Matha 11:29