Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 86

Tógann Íosa Lazaras ón mBás

Tógann Íosa Lazaras ón mBás

Bhí triúr cairde maithe ag Íosa a bhí ina gcónaí i mBéatáine. Ba iad sin Lazaras agus a chuid deirfiúracha, Máire agus Marta. Lá amháin nuair a bhí Íosa ar an taobh thall den Iordáin, chuir Máire agus Marta teachtaireacht phráinneach chuige: ‘Tá Lazaras an-tinn. Tar ar an bpointe, más é do thoil é!’ Ach rinne Íosa moill. D’fhan sé dhá lá eile agus ansin dúirt sé leis na deisceabail: ‘Seo linn, rachaidh muid go Béatáine. Tá Lazaras ina chodladh agus tá mé ag dul á dhúiseacht.’ Dúirt na haspail leis: ‘Má tá sé ina chodladh, tiocfaidh feabhas air.’ Ansin dúirt Íosa leo go soiléir: ‘Tá Lazaras tar éis bháis.’

Nuair a shroich Íosa Béatáine, bhí Lazaras ceithre lá sa tuama. Bhí slua mór daoine bailithe ag déanamh comhbhrón le Marta agus Máire. Nuair a chuala Marta go raibh Íosa tagtha, chuaigh sí amach faoi dheifir go dtí é agus dúirt: “A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo ní bhfaigheadh mo dheartháir bás.” Dúirt Íosa léi: ‘Éireoidh do dheartháir arís. An gcreideann tú é sin, a Mharta?’ Dúirt sí: ‘Creidim go n-éireoidh sé san aiséirí.’ Dúirt Íosa léi: “Mise an t-aiséirí agus an bheatha.”

Ansin chuaigh Marta go dtí Máire agus dúirt sí léi: ‘Tá Íosa anseo.’ Rith Máire go dtí Íosa agus lean an slua í. Chaith sí í féin ag a chosa agus ní raibh sí in ann stopadh ag caoineadh. Dúirt sí: ‘A Thiarna, dá mbeifeá-sa anseo bheadh ár ndeartháir fós beo!’ Chonaic Íosa an dobrón a bhí uirthi agus thosaigh sé féin ag caoineadh. Nuair a chonaic an slua na deora le hÍosa, dúirt siad: ‘Nach é a bhí mór le Lazaras.’ Ach bhí cuid acu ag smaoineamh: ‘Meas tú cén fáth nár shábháil sé a chara?’ Céard a rinne Íosa ansin?

Chuaigh Íosa go dtí an tuama. D’ordaigh sé an chloch mhór a bhí i mbéal an tuama a thógáil as. Dúirt Marta: ‘Ach tá sé ceithre lá marbh! Is dóigh go bhfuil boladh uaidh faoin am seo.’ Mar sin féin, thóg siad an chloch agus dúirt Íosa paidir: ‘A Athair, gabhaim buíochas leat gur éist tú liom. Tá a fhios agam go n-éisteann tú liom i gcónaí, ach tá mé ag labhairt os ard ar son na ndaoine atá anseo, chun go gcreidfidís gur chuir tú uait mé.’ Ansin ghlaoigh sé amach os ard: “A Lazaras, tar amach!” Ansin tharla rud iontach: tháinig Lazaras amach as an tuama, agus na héadaí báis fós air. Dúirt Íosa: “Scaoiligí é agus ligigí chun siúil é.”

Chreid go leor de na daoine in Íosa tar éis dóibh an mhíorúilt seo a fheiceáil. Ach d’imigh cuid eile acu agus d’inis siad do na Fairisínigh faoi. Ón lá sin amach, bhí na Fairisínigh ag iarraidh Lazaras agus Íosa a mharú. Chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí na Fairisínigh i ngan fhios, agus d’fhiafraigh sé díobh: ‘Cé mhéad airgid a thabharfaidh sibh dom má chabhraím libh Íosa a ghabháil?’ Dúirt siad go dtabharfaidís 30 píosa airgid dó, agus thosaigh Iúdás ag faire a dheis chun Íosa a thabhairt ar lámh do na Fairisínigh.

“Dia a thugann tarrtháil orainn an Dia seo againne; tugann an Tiarna ár nDia doras éalaithe ón mbás dúinn.”—Salm 68:21 (68:20 i mBíoblaí eile)