Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 88

Gabhtar Íosa

Gabhtar Íosa

Shiúil Íosa agus na haspail trasna Ghleann Chidreon go dtí Cnoc na nOlóg. Bhí sé tar éis an mheán oíche agus bhí an ghealach lán. Nuair a shroich siad gairdín Gheitséamainí, dúirt Íosa leo: “Fanaigí anseo agus bígí ag faire.” Chuaigh Íosa isteach níos faide sa ngairdín agus chaith sé é féin ar a ghlúine. Ghuigh sé chuig Iehova agus é faoi bhuairt, ag rá: ‘Go ndéantar do thoil.’ Ansin chuir Iehova aingeal chuige le misneach a thabhairt dó. Nuair a chuaigh Íosa ar ais go dtí na haspail, bhí triúr acu ina gcodladh. Dúirt sé: ‘Dúisígí! Ní hé seo an t-am le bheith in bhur gcodladh! Tá an t-am tagtha chun mé a thabhairt ar lámh do mo naimhde.’

Ba ghearr gur tháinig Iúdás agus slua mór in éineacht leis agus iad armáilte le claimhte agus bataí. Bhí a fhios aige cá bhfaigheadh sé Íosa mar théidís go dtí an gairdín seo go minic. Bhí sé ráite ag Iúdás leis na saighdiúirí go dtabharfadh sé póg d’Íosa ionas go mbeidís in ann é a aithint. Chuaigh sé go dtí Íosa agus dúirt sé: ‘Mora duit a Mháistir,’ agus phóg sé é. Dúirt Íosa: ‘A Iúdás, an bhfuil tú do mo bhrath le póg?’

Sheas Íosa amach agus d’fhiafraigh sé den slua: “Cé tá uaibh?” Dúirt siad: “Íosa ó Nazarat.” D’fhreagair Íosa: “Is mise é.” Ansin tharraing na fir siar agus thit siad ar an talamh. D’fhiafraigh Íosa den slua arís: “Cé tá uaibh?” Dúirt siad arís: “Íosa ó Nazarat.” D’fhreagair Íosa: ‘Dúirt mé libh gur mise Íosa. Mar sin, scaoiligí chun siúil na fir seo.’

Nuair a thuig Peadar céard a bhí ag tarlú, tharraing sé a chlaíomh agus bhain sé an chluas de Mhalcas, seirbhíseach an ardsagairt. Ach leag Íosa a lámh ar a chluas agus leigheas sé é. Ansin dúirt sé le Peadar: ‘Cuir ar ais do chlaíomh. Má bhíonn tú ag troid leis an gclaíomh, is leis an gclaíomh a mharófar thú.’ Ghabh na saighdiúirí Íosa agus cheangail siad a lámha, agus thug na haspail na cosa leo. Thug an slua go dtí Annas é, uachtarán na sagart. Cheistigh Annas Íosa agus ansin chuir sé go dtí teach Cháiafas, an tArdsagart, é. Ach céard a tharla do na haspail?

“Tá buairt agaibh sa saol, ach bíodh misneach agaibh. Tá buaite agamsa ar an saol.”—Eoin 16:33