Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 94

Thuirling an Spiorad Naomh ar na Deisceabail

Thuirling an Spiorad Naomh ar na Deisceabail

Deich lá tar éis d’Íosa filleadh ar na flaithis, thuirling an spiorad naomh ar na deisceabail. Ba í seo an bhliain 33 CR agus bhí Féile na Seachtainí ar siúl. Bhí cuairteoirí ó thíortha eile in Iarúsailéim chun ceiliúradh a dhéanamh. Bhí tuairim is 120 de dheisceabail Íosa cruinnithe i seomra in uachtar tí. Go tobann, tharla rud iontach. Bhí mar a bheadh lasair le feiceáil ar chloigeann gach deisceabal agus thosaigh siad ar fad ag labhairt i dteangacha éagsúla. Bhí torann mór ann, mar a bheadh séideán gaoithe móire, agus líon sé an teach ar fad.

Chuala na cuairteoirí an torann agus rith siad go dtí an teach go bhfeicfidís céard a bhí ag tarlú. Bhí an-iontas orthu nuair a chuala siad na deisceabail ag caint. Dúirt siad: ‘As an nGailíl na daoine seo. Cén chaoi a bhfuil siad in ann labhairt sna teangacha seo againne?’

Ansin sheas Peadar agus na haspail eile os comhair an tslua. D’inis Peadar do na daoine gur cuireadh Íosa chun báis agus go raibh Iehova tar éis é a thógáil ó na mairbh. Dúirt Peadar leo: ‘Tá Íosa sna flaithis anois, ar dheis Dé, agus tá an spiorad naomh doirte amach aige, mar a gheall sé. Sin é an fáth a bhfeiceann sibh agus a gcloiseann sibh na míorúiltí seo.’

Chuaigh an méid a dúirt sé go croí iontu, agus d’fhiafraigh siad: “Cad atá le déanamh againn?” Dúirt sé leo: ‘Déanaigí aithrí agus bígí baiste in ainm Íosa. Gheobhaidh sibhse freisin bronntanas an spioraid naoimh.’ Ar an lá sin, baisteadh tuairim is 3,000 duine. As sin amach, mhéadaigh líon na ndeisceabal in Iarúsailéim go tapa. Bhunaigh siad pobail nua le cúnamh an spioraid naoimh, chun go mbeidís in ann gach ar ordaigh Íosa dóibh a mhúineadh do na deisceabail.

“Mar má adhmhaíonn tú ó do bhéal gurb é Íosa an Tiarna agus má chreideann tú ó do chroí gur thóg Dia ó mhairbh é, slánófar thú.”—Rómhánaigh 10:9