Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 95

Ní Raibh Aon Rud in Ann Iad a Stopadh

Ní Raibh Aon Rud in Ann Iad a Stopadh

Bhíodh fear nach raibh in ann siúl ina shuí ag geata an teampaill gach lá agus é ag iarraidh déirce. Tráthnóna amháin chonaic sé Peadar agus Eoin ag dul isteach sa teampall. Dúirt sé leo: ‘Tabhair rud éigin dom, más é bhur dtoil é.’ Dúirt Peadar: ‘Tá rud níos fearr ná airgead le tabhairt agam duit. In ainm Íosa, éirigh agus siúil!’ Ansin chabhraigh Peadar leis éirí agus thosaigh an fear ag siúl! Chuir an mhíorúilt seo an oiread sin áthais ar an slua, gur chreid go leor daoine eile in Íosa.

Ach chuir sé seo fearg ar na Sadúcaigh agus ar na sagairt. Rug siad ar na haspail, thug siad chun na cuairte iad, agus d’fhiafraigh siad díobh: ‘Cé a thug an chumhacht daoibh an fear seo a leigheas?’ Dúirt Peadar: ‘Fuair muid an chumhacht ó Íosa Críost, an fear a mharaigh sibhse.’ Bhéic na ceannairí reiligiúnacha: ‘Stop ag caint faoi Íosa!’ Ach dúirt na haspail: ‘Caithfidh muid labhairt faoi. Ní stopfaidh muid.’

Nuair a scaoileadh Peadar agus Eoin saor, chuaigh siad go dtí na deisceabail agus d’inis siad dóibh céard a bhí tar éis tarlú. Ghuigh siad: ‘Tabhair misneach dúinn, a Iehova le do thoil, ionas go mbeidh muid in ann coinneáil orainn ag déanamh do chuid oibre.’ Thug Iehova a spiorad naomh dóibh agus choinnigh siad orthu ag craobhscaoileadh agus ag leigheas daoine. Tháinig méadú ar líon na ndaoine a chreid in Íosa. Bhí an oiread sin éad ar na Sadúcaigh gur chaith siad na haspail i bpríosún. Ach i rith na hoíche, d’oscail aingeal Iehova doirse an phríosúin agus dúirt sé leis na haspail: ‘Filligí ar an teampall, agus leanaigí oraibh ag múineadh na ndaoine.’

An mhaidin dar gcionn, dúradh leis an Sainidrín, sé sin cúirt na gceannairí reiligiúnacha: ‘Tá an príosún fós faoi ghlas, ach tá na fir a ghabh sibh imithe! Tá siad sa teampall ag múineadh na ndaoine!’ Gabhadh na haspail arís agus tugadh go dtí an Sainidrín iad. Dúirt an t-ardsagart: ‘D’ordaigh muid daoibh gan labhairt faoi Íosa!’ Ach d’fhreagair Peadar: “Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.”

Le teann feirge, bhí fonn ar na ceannairí reiligiúnacha na haspail a mharú. Ach sheas Fairisíneach darbh ainm Gamailíéil suas, agus dúirt sé: ‘Bígí cúramach! B’fhéidir go bhfuil Dia leis na fir seo. An bhfuil sibh ag iarraidh a bheith ag troid in aghaidh Dé?’ Ghlac siad a chomhairle. Tar éis na haspail a bhualadh, d’ordaigh siad arís dóibh éirí as an gcraobhscaoileadh, agus ansin scaoil siad saor iad. Ach níor stop sé sin na haspail. Lean siad orthu ag craobhscaoileadh an dea-scéil, gan scáth gan eagla, sa teampall agus ó theach go teach.

“Is córa dúinn umhlú do Dhia ná do dhaoine.”—Gníomhartha 5:29