Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 96

Roghnaíonn Íosa Sól

Roghnaíonn Íosa Sól

Ba shaoránach Rómhánach é Sól a rugadh i dTarsas. Fairisíneach a bhí ann agus saineolaí ar Dhlí na nGiúdach. Bhí an ghráin aige ar na Críostaithe. Bhíodh sé ag tarraingt fir agus mná Críostaí amach as a gcuid tithe agus á gcaitheamh i bpríosún. Nuair a dhúnmharaigh slua feargach an deisceabal Stiofán, bhí Sól ansin ag coinneáil a gcótaí dóibh.

Bhí Sól ag iarraidh Críostaithe a ghabháil in áiteanna eile seachas Iarúsailéim. D’iarr sé ar an ardsagart é a chur go dtí cathair Dhamaisc chun dul sa tóir ar na Críostaithe a bhí ansin. Nuair a bhí Sól in aice na cathrach, las solas ina thimpeall, agus thit sé ar an talamh. Chuala sé glór ag rá leis: ‘Cén fáth a bhfuil tú do mo ghéarleanúint?’ D’fhiafraigh Sól: ‘Cé thú féin?’ D’fhreagair an glór: ‘Is mise Íosa. Téigh go dtí Damaisc, agus gheobhaidh tú amach céard atá le déanamh agat.’ Bhí radharc na súl bainte de Shól agus bhí ar na fir a bhí in éineacht leis breith i ngreim láimhe air agus é a threorú isteach sa gcathair.

Bhí Críostaí dílis darbh ainm Anainias ina chónaí i nDamaisc. Dúirt Íosa leis i mbrionglóid: ‘Éirigh agus gabh go dtí an tsráid air a dtugtar an tSráid Dhíreach, agus cuardaigh Sól.’ Dúirt Anainias: ‘A Thiarna, chuala mé caint ar an bhfear sin! Bíonn sé ag caitheadh do chuid deisceabail i bpríosún!’ Ach dúirt Íosa: ‘Téigh go dtí é. Tá Sól roghnaithe agamsa chun an dea-scéal a craobhscaoileadh do na náisiúin.’

Chuaigh Anainias go dtí Sól agus dúirt sé leis: ‘A Shóil, a bhráthair, chuir Íosa chugat mé chun do shúile a oscailt.’ Tháinig radharc na súl ar ais do Shól ar an bpointe sin. D’fhoghlaim sé faoi Íosa agus thosaigh sé á leanúint. Anois, ó bhí sé baiste mar Chríostaí, thosaigh Sól ag craobhscaoileadh sna sionagóga, in éineacht le Críostaithe eile. Samhlaigh an t-ionadh a bhí ar na Giúdaigh nuair a chonaic siad Sól ag múineadh do na daoine faoi Íosa. Dúirt siad: ‘Nach shin é an fear céanna a rinne géarleanúint ar dheisceabail Íosa?’

Chaith Sól trí bliana ag craobhscaoileadh i nDamaisc. Bhí an ghráin ag na Giúdaigh ar Shól agus bheartaigh siad é a mharú. Ach fuair na bráithre amach faoi seo agus chabhraigh siad le Sól éalú. Chuir siad i gciseán é agus lig siad síos trí pholl i mballa na cathrach é.

Nuair a chuaigh Sól go hIarúsailéim, rinne sé iarracht casadh leis na bráithre a bhí ansin. Ach bhí eagla orthu roimhe. Mar sin thug deisceabal cineálta, darbh ainm Barnabas, Sól go dtí na haspail agus chuir sé ina luí orthu go raibh Sól athraithe. Thosaigh Sól ag craobhscaoileadh an dea-scéil go díograiseach in éineacht leis an bpobal a bhí in Iarúsailéim. Níos déanaí, tugadh Pól mar ainm air.

“Tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu.”—1 Tiomóid 1:15