Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 98

Scaipeann an Chríostaíocht ar Fud an Domhain Mhóir

Scaipeann an Chríostaíocht ar Fud an Domhain Mhóir

Chraobhscaoil na haspail an dea-scéal ar fud na cruinne, mar a d’ordaigh Íosa dóibh. Sa mbliain 47 CR d’iarr na bráithre a bhí in Aintíoch ar Phól agus ar Bharnabas an dea-scéal a chraobhscaoileadh i gcathracha eile. Mar sin chuaigh siad ar thuras ar fud na hÁise Bige, chuig áiteanna ar nós Deirbé, Liostra, agus Iocoiniam.

Chraobhscaoil Pól agus Barnabas an dea-scéal do gach duine, ba chuma saibhir nó daibhir iad, óg nó sean. Ghlac go leor daoine leis an bhfírinne faoi Chríost. Nuair a bhí Pól agus Barnabas ag craobhscaoileadh an dea-scéil do Sheirgias Paulas, gobharnóir na Cipire, rinne draíodóir iarracht iad a stopadh. Dúirt Pól leis an draíodóir: ‘Tá Iehova i d’aghaidh.’ Chaill an draíodóir radharc na súl ar an bpointe. Nuair a chonaic an Gobharnóir Paulas é seo, chreid sé in Íosa.

Chraobhscaoil Pól agus Barnabas i ngach áit, ó theach go teach, sna margaí, ar na bóithre, agus sna sionagóga. Nuair a leigheas siad fear i Liostra, cheap na daoine a chonaic an mhíorúilt seo gur déithe ab ea Pól agus Barnabas agus rinne siad iarracht iad a adhradh. Ach stop Pól agus Barnabas iad, ag rá: ‘Ná hadhraigí ach Dia amháin! Níl ionainne ach fir.’ Ansin tháinig Giúdaigh ar an láthair agus d’iompaigh siad an slua in aghaidh Phóil. Bhuail siad le clocha é go dtí gur cheap siad go raibh sé maraithe acu. Ansin chaith siad taobh amuigh den chathair é. Ach bhí Pól fós beo! Tháinig na bráithre i gcabhair air láithreach, agus thug siad isteach sa gcathair arís é. Níos déanaí, d’fhill Pól ar Aintíoch.

Sa mbliain 49 CR, chuaigh Pól ar thuras eile. Tar éis dó cuairt a thabhairt ar na bráithre san Áise Bheag, chraobhscaoil sé an dea-scéal chomh fada ó bhaile leis an Eoraip. Chuaigh sé go dtí an Aithin, Eifeasas, Filipí, agus áiteanna eile. Chuaigh Síleas, Lúcás, agus fear óg darbh ainm Tiomóid in éineacht le Pól. D’oibrigh siad as lámh a chéile chun pobail a bhunú agus a neartú. D’fhan Pól i gCorant ar feadh bliain go leith ag spreagadh na mbráithre ansin. Chraobhscaoil sé agus mhúin sé an dea-scéal, agus scríobh sé litreacha chuig go leor pobail éagsúla. Chomh maith leis sin, d’oibrigh sé mar dhéantóir pubaill. D’fhill Pól ar Aintíoch arís, níos déanaí.

Chuaigh Pól ar a thríú turas sa mbliain 52 CR, ag tosú san Áise Bheag. Chuaigh sé ó thuaidh chomh fada le Filipí agus ó dheas go dtí Corant. Chaith Pól cúpla bliain in Eifeasas, ag teagasc, ag leigheas daoine agus ag cabhrú leis an bpobal. Thug sé cainteanna poiblí gach lá i halla scoile. D’éist go leor daoine leis, ghlac siad lena theagasc agus chuir siad i bhfeidhm ina saol é. Nuair a bhí an turas sin déanta aige, chuaigh sé go hIarúsailéim.

“Imígí dá bhrí sin, déanaigí deisceabail de na náisiúin uile.”—Matha 28:19