Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 99

Foghlaimíonn Garda Príosúin an Fhírinne

Foghlaimíonn Garda Príosúin an Fhírinne

Bhí cailín óg, a bhí faoi smacht deamhain, ina sclábhaí i bhFilipí. Chuir an deamhan ar a cumas fáistineacht a dhéanamh agus bhíodh sí ag déanamh a lán airgid dá cuid úinéirí. Nuair a tháinig Pól agus Síleas go Filipí thosaigh sí á leanúint. Bhí an deamhan ag cur uirthi a bheith ag béicíl: “Seirbhísigh don Dia ró-ard is ea na fir seo.” Sa deireadh bhí Pól chomh cráite sin aici, go ndúirt sé leis an deamhan: ‘Ordaím duit in ainm Íosa, tar amach aisti!’ D’fhág an deamhan an cailín.

Nuair a chonaic a húinéirí nach raibh siad in ann airgead a dhéanamh aisti níos mó, bhuail fearg iad. Thug siad Pól agus Síleas os comhair giúistísí na cathrach ag rá: ‘Tá na fir seo ag briseadh an dlí agus ag cur na cathrach go léir trína chéile!’ D’ordaigh na giúistísí Pól agus Síleas a bhualadh agus iad a chaitheamh sa bpríosún. Chaith garda an phríosúin sa gcillín ab fhaide isteach iad agus chuir sé glais adhmaid ar a gcosa.

Bhí na príosúnaigh eile ag éisteacht le Pól agus Síleas ag canadh amhráin mholta d’Iehova. I lár na hoíche, chroith crith mór talún an príosún ó bhun go barr. Osclaíodh doirse an phríosúin agus thit na slabhraí agus na glais adhmaid de na príosúnaigh. Rith garda an phríosúin isteach sa bpríosún agus chonaic sé go raibh na doirse go léir oscailte. Bhí sé cinnte go raibh na príosúnaigh go léir éalaithe agus tharraing sé a chlaíomh chun é féin a mharú.

Ansin, bhéic Pól amach: ‘Ná gortaigh thú féin! Tá muid go léir anseo!’ Rith garda an phríosúin isteach agus chaith sé é féin ar a ghlúine os comhair Phóil agus Shíleas. D’fhiafraigh sé díobh: “Cad atá le déanamh agam, a mháistrí, go slánófaí mé?” Dúirt siad leis: ‘Caithfidh tú féin agus do theaghlach creidiúint in Íosa.’ Mhúin Pól agus Síleas briathar Iehova dóibh agus ansin baisteadh garda an phríosúin agus a theaghlach.

“Leagfar lámh oraibh agus géarleanfar sibh, tabharfar ar láimh sibh do na sionagóga agus do na príosúin, seolfar i láthair ríthe agus gobharnóirí sibh mar gheall ar m’ainmse. Is é a thiocfaidh as sin daoibh, go bhféadfaidh sibh fianaise a thabhairt.”—Lúcás 21:12, 13