Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 100

Pól agus Tiomóid

Pól agus Tiomóid

Fear óg ab ea Tiomóid a bhí sa bpobal i Liostra. Gréagach ab ea a athair, agus Giúdach ab ea a mháthair. Thosaigh Tiomóid ag foghlaim faoi Iehova óna mháthair, Eunaícé, agus óna sheanmháthair, Laoise, nuair a bhí sé an-óg.

Ar an dara turas go Liostra, thug Pól faoi deara go raibh an-chion ag Tiomóid ar na bráithre agus go raibh an-fhonn air cabhrú leo. Thug Pól cuireadh dó a dhul leis ag craobhscaoileadh. De réir a chéile, thraenáil sé Tiomóid chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh agus a mhúineadh.

Threoraigh an spiorad naomh Pól agus Tiomóid pé áit a ndeachaigh siad. Bhí fís ag Pól oíche amháin, inar iarr fear air a theacht go dtí an Mhacadóin agus cabhrú leo. Mar sin, chuaigh Pól, Tiomóid, Síleas agus Lúcás go dtí an Mhacadóin chun an dea-scéal a chraobhscaoileadh agus chun pobail a bhunú.

I gcathair Teasaloinicé sa Macadóin d’iompaigh go leor fir agus mná ina gCríostaithe. Ach bhí cuid de na Giúdaigh in éad le Pól agus a chompánaigh. Chruinnigh siad slua le chéile agus rug siad ar na bráithre agus thug go dtí rialtóirí na cathrach iad, ag béicíl: ‘Tá na fir seo ag cur in aghaidh an rialtais Rómhánaigh!’ Bhí beatha Phóil agus Thiomóid i mbaol, mar sin theith siad go dtí Bearóia faoi dhorchadas na hoíche.

Bhí an-fhonn ar mhuintir na Bearóia foghlaim faoi Ríocht Dé, agus chreid Gréagaigh agus Giúdaigh araon an dea-scéal. Ach nuair a tháinig Giúdaigh ó Theasaloinicé agus a thosaigh siad ag tarraingt trioblóide, d’fhág Pól agus chuaigh sé go dtí an Aithin. D’fhan Tiomóid agus Síleas i mBearóia agus neartaigh siad na bráithre. In am tráth, chuir Pól Tiomóid ar ais go dtí Teasaloinicé chun cabhrú leis na bráithre déileáil leis an ngéarleanúint a bhí ag tarlú ansin. Níos déanaí, chuir Pól Tiomóid go dtí go leor pobail eile chun iad a spreagadh.

Dúirt Pól le Tiomóid: ‘Gach duine atá ag iarraidh seirbhís a thabhairt d’Iehova, déanfar géarleanúint air.’ Déanadh géarleanúint ar Thiomóid agus cuireadh i bpríosún é mar gheall ar a chreideamh. Bhí sé sásta go bhfuair sé an deis a dhílseacht d’Iehova a léiriú.

Dúirt Pól leis na Filipigh: ‘Tá mé ag cur Tiomóid chugaibh. Múinfidh sé daoibh le maireachtáil de réir na Críostaíochta, agus taispeánfaidh sé daoibh leis an dea-scéal a chraobhscaoileadh.’ Bhí a fhios ag Pól go raibh sé in ann brath ar Thiomóid. D’oibrigh siad le chéile mar chairde agus mar shearbhóntaí Dé ar feadh blianta fada.

“Níl aon duine agam atá chomh báúil leis-sean ná chomh himníoch dáiríre fúibhse. Mar is iad a gcúrsaí féin agus ní hiad cúrsaí Íosa Críost is cás leis an gcuid eile ar fad.”—Filipigh 2:20, 21