Ná bac leis seo

Go dtí an clár

CEACHT 101

Cuirtear Pól go Dtí an Róimh

Cuirtear Pól go Dtí an Róimh

Chríochnaigh Pól an tríú turas in Iarúsailéim. Gabhadh ansin é agus cuireadh sa bpríosún é. Bhí fís aige i rith na hoíche ina ndúirt Íosa leis: ‘Rachaidh tú go dtí an Róimh agus craobhscaoilfidh tú an dea-scéal ann.’ Tugadh Pól ó Iarúsailéim go dtí Céasaráia, áit ar chaith sé dhá bhliain sa bpríosún. Nuair a bhí sé ar a thriail os comhair Fhéastas, an gobharnóir, dúirt Pól: ‘Tá mé ag iarraidh dul os comhair Chéasair, sa Róimh.’ Dúirt Féastas: ‘Ó d’iarr tú a dhul chuig Céasar, is chuig Céasar a rachaidh tú.’ Cuireadh Pól ar bord loinge go dtí an Róimh, agus chuaigh beirt de na bráithre, Lúcás agus Arastarchos, in éineacht leis.

Le linn dóibh a bheith ar an bhfarraige, shéid sé ina stoirm ar feadh cuid mhaith laethanta. Cheap siad ar fad go raibh an bás i ndán dóibh. Ach dúirt Pól leo: ‘A fheara, dúirt aingeal liom i mbrionglóid: “Ná bíodh eagla ort, a Phóil. Sroichfidh tú an Róimh agus tiocfaidh gach duine atá sa mbád slán.” Bíodh misneach agaibh! Tiocfaidh muid slán.’

Shéid an stoirm ar feadh coicíse. Ar deireadh, tháinig siad i dtír ar oileán Mhálta. Briseadh an bád ar na carraigeacha, ach tháinig an 276 duine a bhí sa mbád slán. Shnámh cuid acu agus d’éirigh le cuid eile acu a theacht i dtír le cóir na gaoithe, ar phíosaí den bhád. Thug muintir Mhálta aire dóibh agus las siad tine chun iad a théamh.

Trí mhí ina dhiaidh sin, thug na saighdiúirí Pól go dtí an Róimh i mbád eile. Nuair a shroich sé an Róimh, tháinig na bráithre chun fáilte a chur roimhe. Nuair a chonaic Pól iad, thug sé buíochas d’Iehova agus ghlac sé misneach. Cé go raibh Pól ina phríosúnach, tugadh cead dó cónaí i dteach a bhí ar cíos aige, le saighdiúir á ghardáil. D’fhan sé ansin ar feadh dhá bhliain. Tháinig daoine ar cuairt chuige, agus d’inis sé dóibh faoi Ríocht Dé agus mhúin sé dóibh faoi Íosa. Chomh maith leis sin, scríobh Pól litreacha chuig na pobail san Áise Bheag agus in Iúdáia. Rinne Pól an-obair ar son Iehova chun an dea-scéal a scaipeadh ar fud na náisiúin.

“Cruthaimid, in gach cor dár saol, gur searbhóntaí Dé sinn, ag cur suas go foighneach le hanacair agus le cruatan agus le hanró.”—2 Corantaigh 6:4