Ná bac leis seo

Go dtí an clár

Litir ón mBord Stiúrtha

Litir ón mBord Stiúrtha

A Chairde Dhíl:

Tá ardmheas againne ar Bhriathar Dé, an Bíobla. Tá muid cinnte dearfa de go gcuireann sé stair chruinn, agus treoir saoil ar féidir brath uirthi ar fáil dúinn, agus go dtugann sé fianaise ar an ngrá atá ag Iehova don chine daoine. (Salm 119:105; Lúcás 1:3; 1 Eoin 4:19) Tá muid ag iarraidh cabhrú le daoine eile foghlaim faoi na fírinní luachmhara atá i mBriathar Dé. Chun é sin a dhéanamh, tá muid an-sásta an leabhar seo Ceachtanna Atá le Foghlaim ón mBíobla a chur ar fáil. Seo a leanas sracfhéachaint ar an leabhar.

Tá an leabhar seo curtha i dtoll a chéile do pháistí. Ach, is féidir é a úsáid freisin chun cabhrú le daoine fásta atá ag iarraidh tuilleadh a fhoghlaim faoin mBíobla. Is cinnte go mbainfidh muid go léir tairbhe as an leabhar seo, mar go bhfuil sé bunaithe ar Bhriathar Dé, an Bíobla.

Tá cur síos sa leabhar seo ar scéal an chine daonna, ó chruthú an domhain ar aghaidh. Rinneadh gach iarracht na cuntais as an mBíobla a chur i láthair ar bhealach atá soiléir agus simplí, agus chomh fada agus ab fhéidir, de réir an oird inar tharla siad.

Déanann an leabhar seo níos mó ná cur síos ar chuntais ón mBíobla. Tá an téacs agus na pictiúir leagtha amach ar bhealach a chuireann brí agus beocht i sleachta an Bhíobla.

Cabhraíonn an foilseachán seo linn a thuiscint gur leabhar faoi dhaoine é an Bíobla—daoine a bhí umhal d’Iehova agus daoine nach raibh. Spreagann sé muid le foghlaim ó na rudaí a rinne siad. (Rómhánaigh 15:4; 1 Corantaigh 10:6) Tá an leabhar roinnte ina 14 chuid. Ag tús gach cuid déantar achoimre ar roinnt de na ceachtanna atá le foghlaim.

Más tuismitheoir thú, d’fhéadfá ceacht a léamh do do pháiste agus plé a dhéanamh ar na pictiúir a bhaineann leis. Ansin d’fhéadfadh an bheirt agaibh an cuntas sa mBíobla, a bhfuil an ceacht bunaithe air, a léamh. Cabhraigh le do pháiste an ceangal atá idir cuntas an Bhíobla agus an ceacht, a thuiscint. D’fhéadfadh muid an cur chuige céanna a úsáid nuair atá muid ag cabhrú le daoine fásta teachtaireacht an Bhíobla a thuiscint.

Tá súil againn go gcabhróidh an foilseachán seo le daoine dílse—sean agus óg—ceachtanna an Bhíobla a fhoghlaim agus a chur i bhfeidhm ina saol. Mar thoradh ar sin, beidh siadsan freisin in ann Iehova a adhradh mar bhaill dá theaghlach grámhar.

Bhur mBráithre,

Bord Stiúrtha Fhinnéithe Iehova